Gradam eile do ExtraG.ie – gradam idirnáisiúnta an uair seo

Bronnadh Gradam Comhleá Priontála-Digitigh ar ExtraG.ie agus ar ExtraG Gach Seachtain ag Gradaim Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta agus Nuálaíochta Priontála WAN-Ifra i München.

Táimid ag ceiliúradh arís in Extrag.ie agus in ExtraG Gach Seachtain – tar éis gradam a bhuachan ar an stáitse domhanda.

ExtraG 3

Bronnadh Gradam Chomhleá Priontála-Digitigh ar ExtraG, ag Gradaim Inbhuanaitheachta agus Nuálaíochta Priontála WAN-IFRA, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu, a tionóladh i München.

Tugann Gradam Chomhleá Priontála-Digitigh aitheantas don tionscadal domhanda is nuálaí a chomhtháthaíonn cló le huirlisí scéalaíochta digiteacha go rathúil.

Leanann aitheantas ExtraG.ie agus ExtraG Gach Seachtain i München roinnt éachtaí rathúla le déanaí.

Níos luaithe i mbliana, bhuaigh an tionscnamh an gradam Óir ag Gradaim na Meán i mBaile Átha Cliath agus cuireadh ar an ngearrliosta é do Ghradam Margaíochta le Gaeilge ag Gradaim Margaíochta Uile-Éireann ag Institiúid Margaíochta na hÉireann 2025.

Dúirt Joe Breathnach, Eagarthóir ExtraG.ie agus ExtraG Gach Seachtain: ‘Is iontach an rud é tionscnamh meán Gaeilge a fheiceáil aitheanta ar an ardán domhanda. Tá ExtraG tiomanta don teanga a cheiliúradh agus a chur chun cinn, ag tairiscint ábhar a bhaineann le cainteoirí líofa agus le foghlaimeoirí araon.’

ExtraG.ie
ExtraG.ie

Dúirt Paul Henderson, Príomhfheidhmeannach dmg media Ireland: ‘Cuireann ExtraG.ie na scéalta is mó tóir trí mheán na Gaeilge. Is iad na scéalta atá ag teastáil ó dhaoine –  nuacht, siamsaíocht agus spórt –  a chuirtear i láthair i bhformáid nua-aimseartha, inrochtana.

‘Ní Gaeilge ar mhaithe leis an nGaeilge atá ann; is scéalta ábhartha, mealltacha iad a tharlaíonn a bheith i nGaeilge. Is ábhar mór áthais do gach duine ag dmg media an gradam domhanda seo.’

Forbraíodh ExtraG.ie chun an Ghaeilge laethúil a dhéanamh inrochtana do chách, ag tairiscint ábhar mealltach agus inbhainte do lucht léitheoireachta leathan. Tá an t-ardán aitheanta go hoifigiúil mar mheán Gaeilge ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

I mí Feabhra 2025, leathnaigh dmg media a thairiscint Gaeilge le seoladh ExtraG Gach Seachtain, forlíonadh seachtainiúil a fhoilsítear leis an Irish Daily Mail, rud a léiríonn a thiomantas do na meáin chumarsáide Gaeilge agus a leathnaíonn raon feidhme ExtraG ar fud gach ardán meán dmg.

Tá Gradaim WAN-IFRA i measc na ngradam is mó meas i dtionscal na meán domhanda, ag ceiliúradh sármhaitheasa agus nuálaíochta san fhoilsitheoireacht agus san iriseoireacht.

ExtraG Gach Seachtain

Ag aitheantas an éachta domhanda seo, dúirt WAN IFRA faoin mbua a fuair dmg media Ireland: ‘Rinneadh ceiliúradh ar ExtraG Gach Seachtain na hÉireann, forlíonadh clóite agus digiteach seachtainiúil ó dmg media Ireland agus an Irish Daily Mail, as a ról i gcomhlíonadh ceanglais reachtacha nua agus ag an am céanna ag scaoileadh acmhainneacht chultúrtha agus tráchtála, ag tabhairt na Gaeilge chuig an chéad ghlúin eile.’

Bronnadh na gradaim ar ExtraG.ie agus ExtraG Gach Seachtain le linn Chruinniú Mullaigh Dhomhanda na bPrintéirí, a tionóladh i München i mbliana, agus tháinig gairmithe ó gach cearn den tionscal priontála domhanda le chéile chun smaointe a roinnt agus chun éachtaí den scoth a cheiliúradh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram