Cad atá sa Bhuiséad d’oibrithe agus teaghlaigh?

Tá €9.4 milliún á chaitheamh ag an Rialtas sa Bhuiséad le laghdú cánacha agus caiteachas poiblí, ach is do lucht gnó atá sé ag dul

Thug an Rialtas eolas faoi Bhuiséad 2026 don Dáil le €1.3 billiún i laghduithe cánach agus €8.1 billiún i gcaiteachas.

Mar sin féin ní bheidh tairbhe ar bith ag oibrithe ón laghdú cánach, agus ní bheidh na tacaíochtaí costais maireachtála a tugadh anuraidh ar fáil do theaghlaigh.

Cáin Ioncaim

Níl aon athrú ar cháin phearsanta ná ar innéacsú sa bhuiséad – fanfaidh an cháin ar thuarastail mar atá, cé go bhfuil praghsanna earraí ag dul i dtreise.

Má fhaigheann duine ardú pá, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh sé isteach i ráta cánach níos airde mar nach bhfuil an t-innéacsú athraithe.

Ardófar an t-íosráta pá go €14.15 san uair ó 1 Eanáir. le sin beith athrú ar an ráta 2% is ísle den USC chun oibrithe lánaimseartha ar an íosráta pá a choinneáil lasmuigh de.

  • Ardú os cionn 2c sa lítear ar pheitril agus díosal mar gheall ar ardú sa Cháin Charbóin ó €63.50 go €71 an tona.
  • Leanfaidh an faoiseamh VRT €5,000 do ghluaisteáin leictreacha go dtí deireadh 2026.
  • Fanfaidh an ráta laghdaithe 9% ar ghás agus leictreachas i bhfeidhm go dtí 31 Nollaig 2030.
Buiséad 2026 Paschal Donoghue agus Jack Chambers
D’fhógair Paschal Donoghue agus Jack Chambers an Bhuiséad. Pictiúr: Lazarov/RollingNews.ie

Gnóthaí agus Cánacha

• Laghdú ar an ráta CBL (VAT) do bhialanna agus bialanna mearbhia ó 13.5% go 9% ó Iúil seo chugainn.
• Tairbhe do lucht forbartha réadmhaoine – laghdú ar CBL ar dhíol árasáin críochnaithe go 9%.

Leas Sóisialta

• Ardú €10 ar gach íocaíocht sheachtainiúil, an pinsean san áireamh sa Bhuiséad.
• Ardú €8 ar Íocaíocht Tacaíochta Linbh do pháistí faoi 12, agus €16 do pháistí os cionn 12.
• Ardú ar an teorainn ioncaim do Liúntas Cúramóra: €1,000 do dhuine singil, €2,000 do lánúin.
• Ardú €5 ar an Liúntas Breosla go €38 sa tseachtain.

Tobac agus Ól

• Ardú 50c ar phacáiste 20 toitín ó oíche Dé Máirt.
• Gan athrú ar cháin alcóil.
• Cáin nua 50c sa mhillilítear ar leacht le nicitín do ‘vapes’.

An tAire Airgeadais Jack Chambers agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe ag labhairt leis na meáin lasmuigh de Thithe an Rialtais, Baile Átha Cliath, roimh an mBuiséad. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
An tAire Airgeadais Jack Chambers agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe ag labhairt leis na meáin lasmuigh de Thithe an Rialtais, Baile Átha Cliath, roimh an mBuiséad. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Páistí

•125 milliún breise don scéim Luathbhlianta sa Bhuiséad.
•Fanfaidh an Creidmheas Cánach Tachta €1,000 mar atá.

Cosaint agus Dlí

  • Maoiniú do 400 ball breise sna Fórsaí Cosanta sa bhuiséad.
  • Maoiniú d’earcú suas le 1,000 garda traenála.
  • €39 milliún breise don tSeirbhís Phríosúnach – iomlán €579 milliún don bhliain.

Ealaíon

  • Leathnú ar an gCreidmheas Cánach Scannán – faoiseamh 40% ar chaitheamh €1 milliún ar éifeachtaí amhairc.
  • Síneadh 6 bliana ar an gCreidmheas Cánach Cluichí Digiteacha go dtí Nollaig 2031.

Spórt

  • €18.7 milliún don Chiste Bonneagair Spóirt Scála Mór sa bhuiséad.
  • €3 milliún in aghaidh na bliana don FAI do shacar óige.
  • €727,000 don IRFU do rugbaí na mban.
  • €983,000 breise don CLG.
  • €1.56 milliún don Chumann Imreoirí Gaelacha.
  • €1.5 milliún breise don chiste €10.46 milliún do chláir spóirt.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram