Buiséad: Maoiniú méadaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach ní leor é le haghaidh tithíochta nó TG4

07/10/2025

I ndiaidh agóidí móra, ó thuaidh agus ó dheas den teorainn, tá méadú tagtha ar an maoiniú don Ghaeilge ach níl siad ag dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht.

Tá infheistíocht shuntasach déanta sa teanga sa Bhuiséad i mbliana, le méadú €36 milliún san iomlán, lena n-áirítear caiteachas ar cheantair Ghaeltachta, na hoileáin agus infheistíocht sa teanga.

Tá €65.4 milliún ar fáil do TG4, sin ardú €5.4 milliún, nó 9%, ach ní raibh ansin ach beagán níos mó ná leath den €10 milliún sa breis a bhí an cainéal Gaeilge ag lorg chun tacú leis an nGaeilge.

Chomh maith leis sin, tá díomá ann go bhfuil an chuma ar an scéal gur tugadh neamhaird den aon réimse amháin ina bhfuil tacaíocht ríthábhachtach, tithíocht do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht.

tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers
An tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers

Beidh €158.9 milliún ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, de réir tuairiscí. As sin beidh:

€65.4 milliún ann do TG4 sin ardú €5.4 milliún;

€2.5 milliún ann d’Údarás na Gaeltachta; 

€2 milliún sa bhreis don Fhoras Teanga, sé sin Foras na Gaeilge agus an Ghníomhaireacht Ultaise;

Chomh maith leis sin beidh €11.5 milliún san iomlán ar fáil do sheirbhísí iompair agus eile na n-oileán. Rachaidh cuid mhór de sin chun tairbhe do cheantair Ghaeltachta.

Agus beidh infheistíocht sa Ghaeilge agus do cheantair Ghaeltachta as €12 milliún caipitil atá ar fáil do shaoráidí Gaeilge agus Cultúir.

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra go mbeidh méadú €5.4 milliún ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt do TG4 chun ábhar Gaeilge, cláir do pháistí agus seirbhísí nuachta níos leithne a chinntiú.

Is ionann sin agus méadú 9% ar mhaoiniú TG4 don bhliain seo chugainn. Is é seo an dara méadú is mó atá faighte ag TG4 le roinnt blianta anuas.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín: ‘Tá mé buíoch den aitheantas atá tugtha do sheirbhísí nuachta níos leithne a chur ar fáil.’

Dúirt sí go bhfuil fás leanúnach ar lucht féachana TG4, agus go dtí seo i mbliana, tá sciar 2.3% den lucht féachana bainte amach acu.

Dúirt sí: ‘Táimid ag súil cur leis sin arís i 2026 mar aon le cur leis an ábhar ar ardchaighdeán a chuirimid ar fáil dár lucht féachana ar gach ardán.’

An Bhuiséad le Jack Chambers agus Paschal Donohoe
An Bhuiséad le Jack Chambers agus Paschal Donohoe

An mhí seo caite, mhol coiste Oireachtais go bhfaigheadh ​​TG4 pacáistí maoinithe ilbhliantúla in ionad leithdháiltí bliantúla sa bhuiséad, chun deimhneacht a thabhairt dó agus maoiniú do chraoltóirí faoi úinéireacht an Stáit a thabhairt i gcomhréir leis an Acht Eorpach um Shaoirse na Meán.

Tabharfaidh Bille Craolacháin (Leasú) an Rialtais éifeacht d’Acht an Aontais Eorpaigh, a cheanglaíonn go mbeidh maoiniú Stáit do chraoltóireacht seirbhíse poiblí intuartha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram