Tá intleacht shaorga (AI) ag obair ar son gnó le hÚdarás na Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltacht ag eagrú ceardlanna foghlama praiticiúla ar fud na tíre chun cabhrú le gnólachtaí intleacht shaorga (AI) a úsáid.

Tá CREW (Creative Enterprise West) agus Údarás na Gaeltachta ag obair le chéile chun an intleacht shaorga (AI) a chuir ar fáil do lucht gnó. 

Tá clár nua acu atá bunaithe ar phíolóit a d’oibrigh go maith an bhliain seo caite agus atá ag díriú ar intleacht shaorga (AI) agus ar smaoineamh deartha a nascadh le chéile chun nuálaíocht agus fás a chothú. 

Trí cheardlanna praiticiúla foghlaimeoidh daoine cén chaoi intleacht shaorga (AI) a úsáid mar chomrádaí cruthaitheach a chabhróidh leo fadhbanna a réiteach, deiseanna nua a aimsiú, agus an chaoi a ndéanann siad gnó a athrú. 

Trí cheardlanna praiticiúla foghlaimeoidh daoine cén chaoi intleacht shaorga (AI) a úsáid
Trí cheardlanna praiticiúla foghlaimeoidh daoine cén chaoi intleacht shaorga (AI) a úsáid

Bhí an chéad ceann ar siúl i mBéal an Mhuirthead ar 23 Meán Fómhair, ach tá trí cinn le teacht. 

Na Forbacha – 8 Deireadh Fómhair, 2025 

An Daingean – 14 Deireadh Fómhair, 2025 

Gaoth Dobhair – 18 Samhain, 2025 

Tabharfaidh gach ceardlann uirlisí praiticiúla agus eolas úsáideach do lucht gnó, agus ina dhiaidh sin beidh seisiúin phearsanta ann le cabhrú leo intleacht shaorga (AI) a úsáid go díreach ina gcuid oibre chun fadhbanna a réiteach agus rudaí nua a chruthú. 

Dúirt Ainslie Peters, bainisteoir an Chláir ag CREW: ‘Ní do chuideachtaí móra teicneolaíochta amháin atá AI ann, ach d’aon duine atá ag iarraidh smaoineamh níos fearr, oibriú níos cliste, agus rud éigin luachmhar nua a chruthú dá gcuid custaiméirí, 

‘Taispeánfaidh na ceardlanna seo cén chaoi is féidir le hAI agus smaoineamh deartha dul le chéile chun smaointe nua agus deiseanna gnó fíor a chruthú.’ 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta: ‘Tugann an chomhpháirtíocht seo deis iontach dúinn tacaíocht phraiticiúil agus éifeachtach a chur ar fáil d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí na Gaeltachta. 

‘Tá sé mar aidhm againn go bhfeicfeadh an lucht gnó an AI mar uirlis chumhachtach a chabhróidh leo a bheith níos nuálaí agus fás inbhuanaithe a bhaint amach.’ 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar: www.crewdigital.ie  


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram