

Mar is eol dúinne ar mhaith linn scannáin agus peil ní dhéantar mórán iarracht in an-chuid de na meáin canúntí na Gaeilge a thuiscint.
Cloiseann muid go minic guthanna digiteach ag labhairt Gaeilge, agus Béarla na Éireann, agus iad ag baint fad as na focail.

Anuas ar sin bíonn láthreoirí teilfíse go minic ag ligean orthu nach bhfuil siad in ann Saoirse Ronan nó Caoimhín Kelleher a rá i gceart.
Bhuel ní bheidh aon leithscéal acu a thuilleadh má éiríonn le scéim nua atá faoi bhun ag Údarás na Gaeltachta, i bpáirtnéireacht le Mozilla Common Voice.
Beidh siad in ann, fiú, Mícheál Ó Muircheartaigh a rá gan botún ar bith.
Agus rud spraíúil faoi ná go mbeidh muid ag éisteacht lenár nguthanna féin in ionad ‘Bot’ éigin.
Tá siad ag cruthú bailiúcháin mór labhartha Gaeilge phoiblí a bheidh ar fáil saor in aisce agus gan aon srianta úsáide.
Agus chun é sin a dhéanamh tá siad ag iarraidh guthanna na Gaeilgeoirí – gach saghas Gaeilgeoir atá an – a thaifeadadh.
Más mian leat go mbeadh do ghuth féin mar chuid den bhailiúchán mór seo ní gá ach cúig nóiméad a chaitheamh chun páirt a ghlacadh?
Téigh chuig Common Voice (https://commonvoice.mozilla.org/ga-IE)
Deir Údarás na Gaeltachta: ‘Gach uair a dhéanann tú taifead ar ardán Mozilla Common Voice, cuireann tú le corpas a chuirfidh ar chumas forbróirí.’
Sé sin:
Agus tá siad ag lorg glórtha ó gach cuid den phobal Gaeilge, ‘ó ghlórtha óga i mBéal Feirste go seandaoine i gCorca Dhuibhne’.
Deir siad: ‘Beidh gach taifeadadh marcáilte (gan ainm) le do chanúint agus do chúlra, rud a chinnteoidh go dtuigfidh an AI éagsúlacht shaibhir na Gaeilge.’
Dúirt Ruairí Ó Neill, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha ag Údarás na Gaeltachta: ‘Is deis iontach í seo chun seasamh na Gaeilge sa domhan digiteach a neartú agus í a chur ar chomhchéim leis na teangacha móra eile.
‘Faoi láthair, níl ach 15 uair an chloig d’ábhar Gaeilge labhartha ar fáil ar Common Voice, suim an-bheag i gcomparáid leis na 159 uair atá ag an mBreatnais nó na 713 uair atá ag an mBascais.

‘Ach ag obair le chéile, is féidir linn an méid sin a mhéadú go suntasach.’
Beidh gach duine in ann an corpas a úsáid, a athrú nó a roinnt gan chead a iarraidh, gan srianta agus gan íocaíocht riamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.