

Tá an Iodáil an Spáinn agus an Ghréig tar éis cinneadh a dhéanamh cabhlacha cogaidh a chur amach chun cabhrú leis an Sumud Domhanda Cabhlachán (Flotilla) atá ag iarraidh imshuigh(blockade) Iosrael ar Gaza a bhriseadh.
Tá long chogaidh Gréagach tar éis dul leis an gcabhlach a thionlacfaidh go sábháilte é trí uiscí críochacha na tíre.

Tá longa ón Spáinn agus ón Iodáil ag seoladh i dtreo chabhlach cúnaimh Gaza freisin agus cinnteoidh siad go mbeidh sé ag dul go sábháilte trí uiscí idirnáisiúnta.
Is céim neamhghnách í seo chun tacú le cabhlachán atá ag dul i dtreo na Palaistíne, agus tagann sí i ndiaidh ionsaithe arís agus arís eile, lena n-áirítear ionsaí dróin go moch Dé Céadaoin seo caite.
Meastar go forleathan gurbh é Iosrael a bhí taobh thiar de na hionsaithe, ach mar is gnách lena chuid oibríochtaí thar lear, níor thug an rialtas aon ráiteas.
Tá caint Iosrael, áfach, ag éirí níos géire.
Go luath sa turas, thug an tAire Slándála Náisiúnta Itamar Ben-Gvir ‘sceimhlitheoirí’ ar na gníomhaithe ar bord agus dúirt gur chóir déileáil leo mar sceimhlitheoirí.
Le déanaí, dúirt Aireacht Gnóthaí Eachtracha Iosrael, a bhí ag iarraidh ar an gcabhlachán Sumud ‘a lasta a chur i dtír in Iosrael, gur ‘tionscnamh jihadach’ a bhí san iarracht cabhair a thabhairt.
Is é an Sumud an ceathrú hiarracht i mbliana cabhair dhaonnúil a thabhairt go Gaza ar muir.
I mí na Bealtaine, cuireadh an Conscience ar ais go dtí Málta tar éis ionsaí dróin.
I mí an Mheithimh, gabhadh an Madleen i bhfarraigí idirnáisiúnta agus coinníodh an criú.
I mí Iúil, cuireadh cosc ar an Handala ar an gcaoi chéanna.
Rialtais ag freagairt go difriúil
Ag labhairt dó taobh amuigh de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, dúirt Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sanchez, go gcaithfear dlí idirnáisiúnta a urramú agus go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh na Spáinne ar an Sumud taisteal go sábháilte sa Mheánmhuir.
Tá freagra na hIodáile níos casta. Cé go bhfuil roinnt saoránach Iodálach, lena n-áirítear feisirí parlaiminte, ar bord an chabhlacháin Sumud, tá an rialtas ag cur in aghaidh an mhisin.
Dúirt Príomh-Aire Giorgia Meloni gur ‘míchúramach agus contúirteach’ an gníomh é, agus mhol sí go dtabharfaí an chabhair do Phátrarcacht Laidineach Iarúsailéim sa Chipir – moladh a dhiúltaigh lucht an chabhlacháin.
Mar sin féin, mhaígh Aire Cosanta na hIodáile, Guido Crosetto, gur gníomh daonnachta a bhí i seoladh long chabhrach na hIodáile, agus nach raibh sé náireach ná bagrach.
Tacaíocht don Phalaistín
Tá gluaiseachtaí láidre ar son na Phalaistíne sa dá thír. I dtuaisceart na hIodáile, tionóladh agóidí móra, cé nach bhfuil an rialtas sásta aitheantas a thabhairt do stát na Palaistíne.
Sa Spáinn, tá an tacaíocht ó phobal na sráide le feiceáil i mbeartas an rialtais.
Tá cosc iomlán curtha ag Sanchez ar onnmhairiú arm go hIosrael agus mhol sé go gcuirfí cosc ar Iosrael páirt a ghlacadh i gcomórtais spóirt idirnáisiúnta.
Léiríodh an tacaíocht sin go soiléir le linn rás rothaíochta na Vuelta, áit ar cuireadh agóidí i gcoinne foireann a raibh ‘Iosrael’ mar ainm uirthi.

Tá an cabhlachán ag iompar 22 duine Éireannacha go Gaza chomh maith, daoine mar Sheanadóir Chris Andrews de chuid Shinn Féin.
Bhí Andrews ar an mbád Spectre. Dúirt sé gur buaileadh an cabhlachán Sumud ceithre huaire, ach nach raibh aon duine gortaithe. Seo an cúigiú huair dó ar chabhlachán go Gaza.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.