Diúltaigh Heather Humphreys don Ghaeilge arís is arís eile mar aire i gceannas ar an nGaeltacht

25/09/2025

An Rás don Áras: Deir Heather Humphreys gurb í an t-iarrthóir ‘ionchuimsitheacht (inclusiveness)’ í ach tá ceisteanna míchompordacha os a comhair faoin Ord Oráisteach agus faoin nGaeilge.

Deir Heather Humphreys gurb é ‘ionchuimsitheacht (inclusiveness)’ téama a feachtais toghcháin Uachtaránachta.

Is iad ceisteanna faoina cuimsitheacht féin, áfach, is cúis leis an trioblóid is mó a bhí aici go dtí seo.

Tá go leor tráchtairí ag tuar gurb í atá an seans is fearr a bheith ina hUachtarán
Tá go leor tráchtairí ag tuar gurb í atá an seans is fearr a bheith ina hUachtarán

Thuairiscigh an Irish Times gur gheall sí go bhfoghlaimeodh sí Gaeilge nuair a bhí sí mar Aire i gceannas ar an nGaeltacht agus an nGaeilge idir 2014 agus 2017; agus níor rinne sí é.

Anois, agus í ag iarraidh an Uachtaránacht, deir sí go mbeadh sí sásta é sin a dhéanamh má tá an bua aici.

Ag an am freisin, léirigh eagraíochtaí Gaeilge a míshástacht léi mar gheall gur dhiúltaigh sí bualadh leo.

Ceapadh í i 2014, agus i mí Dheireadh Fómhair 2016 bhí ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ag léiriú a frustrachais léi.

Ní raibh cruinnithe oifigiúla aici mar Aire le Conradh na Gaeilge ná le hÚdarás na Gaeltachta, de réir na dtuairiscí.

Thug sí an jab sin don Aire Sóisearach Seán Kyne. Mar sin féin, níl buiséad ag an Aire Sóisearach agus bhí Conradh na Gaeilge fonnmhar plé a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais don Ghaeilge.

Léirigh eagraíochtaí Gaeilge a míshástacht léi mar gheall gur dhiúltaigh sí bualadh leo
Léirigh eagraíochtaí Gaeilge a míshástacht léi mar gheall gur dhiúltaigh sí bualadh leo

In ainneoin na n-iarrachtaí go léir, dhiúltaigh Heather Humphreys, Aire na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an am, páirt a ghlacadh i bplé oifigiúil ar chúrsaí a bhain leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.

Is Preispitéireach í Heather, agus tá sí tar éis cur síos a dhéanamh uirthi féin mar ‘Phoblachtach Éireannach bródúil’.

Tá stair pholaitiúil ina teaghlach – bhí a hathair san Ord Oráisteach agus shínigh a seanathair Cúnant Uladh (Ulster Covenant) in aghaidh Rialtas Dúchais sa bhliain 1912.

Ghlac sí páirt i máirseálacha an Oird Oráiste agus ba bhall den Ord Oráiste a fear céile, eagraíocht a raibh tuairimí thar a bheith coimeádacha agus frith-Chaitliceacha aici.

Bhí sí i dtrioblóid nuair a theip uirthi freagraí díreacha a thabhairt ar cheisteanna faoina rannpháirtíocht.

Seachas an dá cheist sin, tá Humphreys ag déanamh go maith san fheachtas.

Tá sí le feiceáil mar dhuine cairdiúil agus suaimhneach agus í ag bualadh le daoine.

Mar sin féin, níl ann ach tús an fheachtais agus beidh fadhbanna aici, nach mbaineann léi féin ach leis an Rialtas.

Beidh an toghchán beagán níos mó na dá sheachtain tar éis na Cáinaisnéise; agus ní bheidh ‘Giveaway Budget’ againn i mbliana.

Tá an Rialtas faoi bhrú cheana féin mar gheall ar thithíocht agus an costas maireachtáil; agus féadfaidh na vótálaithe cinneadh a dhéanamh brú a chur air trí vótáil i gcoinne a n-iarrthóra.

Fadhb eile do Humphreys  ná an Glas Triarach (Triple Lock). Tharla sé seo cheana. Sna reifrinn Nice i 2001 agus Liospóin (Lisbon) i 2008 vótáil na daoine ina aghaidh – agus níor ghlacadar leo ina dhiaidh sin go dtí go raibh gealltanais i dtaobh neodracht.

Tá Humphreys tar éis a rá go bhfuil sí leis a Rialtas agus gur chóir fáil réidh leis.

Má tá díospóireacht faoi sin, beidh fadhb aici, go háirithe i dtaobh an méid airgead atá tíortha mar an Bhreatain, an Ghearmáin agus an Fhranc ag caitheamh ar airm – agus an tacaíocht d’Iosrael.

Tá sí pósta le hEric Humphreys, feirmeoir, agus tá beirt iníon acu – Eve agus Tara
Tá sí pósta le hEric Humphreys, feirmeoir, agus tá beirt iníon acu – Eve agus Tara

Rugadh Heather Maud Stewart i sráidbhaile Dhroim i gContae Mhuineacháin sa bhliain 1960.

D’fhreastail sí ar Scoil Chuimsitheach Naomh Aodhán i Muinchille (Cootehill), Co. an Chabháin, agus rinne sí staidéar in Ollscoil na Gaillimhe ina dhiaidh sin.

Bhí sí ag obair le Banc Uladh agus leis an gComhar Creidmheasa, áit ar chaith sí 12 bliain mar bhainisteoir i Muinchille.

Tá sí pósta le hEric Humphreys, feirmeoir, agus tá beirt iníon acu – Eve agus Tara. Tá an chlann lonnaithe ar fheirm i nAchadh Bog (Aghabog), Co. Mhuineacháin.

Thosaigh Humphreys a saol polaitiúil mar chomhairleoir contae i gCluain Eois (Clones), agus toghadh í mar Theachta Dála don Chabhán–Muineachán i 2011. Chaith sí 13 bliana sa Dáil.

D’fhóin sí mar Aire i roinnt ranna éagsúla: Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Gnó, Fiontraíocht agus Nuálaíocht; Cosaint Shóisialta; agus Forbairt Tuaithe agus Pobail.

I mí Aibreáin 2024, ceapadh í mar leascheannaire Fhine Gael, ach d’éirigh sí as an bpost sin i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus dúirt nach seasfaidh sí sa toghchán ginearálta mar gheall ar a sláinte agus a fhuinneamh.

Ar dtús, dúirt sí nach mbeadh sí ag seasamh don Uachtaránacht, ach nuair a tharraing Mairéad McGuinness siar, d’fhógair sí go raibh sí ag lorg ainmniúchán Fhine Gael.

EVOKE Heather Humphreys

Dúirt sí gur mian léi an tÁras a thabhairt chuig an bpobal, agus gur chreid sí go bhfuil deis ag gach saoránach a lán chumas a bhaint amach, beag beann ar a gcúlra.

Tá go leor tráchtairí ag tuar gurb í atá an seans is fearr a bheith ina hUachtarán.

Ar an gcéad dul síos, aistreoidh sí féin agus Jim Gavin vótaí chuig a chéile.

Mar sin féin, d’fhéadfadh teannas eatarthu a bheith mar thoradh air sin agus beidh ar Humphreys a chinntiú go bhfaighidh sí níos mó vótaí sna comhairthe luatha ionas gurb í féin a bhainfidh leas as in ionad Gavin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4



Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram