Caithfidh mic léinn méadú 7% a fháil ar íocaíochtaí lóistín

Tá mic léinn ag íoc go daor cheana féin as oideachas tríú leibhéal agus anois tá sé tagtha chun solais go bhfuil méadú 7% ar chostais ag cuid acu.

Dúirt an carthanas tithíochta Threshold go gcaithfear leasú a dhéanamh ar Acht na dTionóntachtaí Cónaithe mar go bhfuil costais lóistín ag mic léinn tar éis ardú beagnach 7%.

Tá mic léinn tríú leibhéal ag streachailt i mbliain acadúil dheacair de bharr costais mhéadaitheacha, géarchéim lóistín atá ag dul in olcas, agus aistarraingt tacaíochtaí airgeadais tábhachtacha ag cur brú méadaitheach ar dhaoine óga agus ar a dteaghlaigh.

Is í cean de na cesiteanna is práinní ná dearcadh an Rialtais i leith laghdú €1,000 na bliana seo caite ar tháillí a athdhéanamh.

students8
Tá mic léinn ag streachailt le háit chónaithe a aimsiú

Agus anuas ar sin tá méadú tagtha ar na híocaíochtaí míosúla i lóistín do mhic léinn ar champais i mBaile Átha Cliath mar gheall ar tháillí nach dtagann faoi na srianta cíosa, de réir tuairisc san Irish Times.

Deir an tuarascáil go ndearnadh méadú ar tháillí seirbhíse míosúla éigeantacha do na hárasáin College Park ar champas Ghlas Naíon DCU ó €87 i 2024 go €130 i 2025. D’ardaigh an cíos ó €755 go €768 sa mhí.

Nuair a chuirtear an méadú ar an gcíos agus ar an táille seirbhíse le chéile, tá an t-iomlán míosúil tar éis ardú €55.51, nó beagnach 7%.

Tá an áit lonnaithe i gcrios brú cíosa (rent pressure zone, RPZ), áit a bhfuil teorainn 2% in aghaidh na bliana ar arduithe cíosa, nó an ráta boilscithe, cibé acu is ísle.

Dúirt an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (Residential Tenancies Board, RTB) go bhfuil méadú ar tháillí sheirbhíse ceadaithe faoin dlí cíosa fad is a íocadh an táille sin i gcónaí ar leithligh ón gcíos agus go raibh sé luaite mar sin sa chomhaontú tionóntachta.

‘Fós féin, níor tugadh freagra soiléir dúinn ar cé na táillí seirbhíse atá ceadaithe i gcás lóistín do mhic léinn,’ a dúirt John-Mark McCafferty, príomhfheidhmeannach Threshold.

‘Mar sin féin, má cheapann mic léinn go bhfuil táillí mídhleathacha curtha orthu, tá sé de cheart acu tús a chur le díospóid os comhair an RTB,’ a dúirt sé.

Chomh laith leis sin tá ceist mhór faoin laghdú €1,000 na bliana seo caite ar tháillí.

Chuir an gearradh sealadach, a tugadh isteach mar chuid de phacáiste costas maireachtála, an ranníocaíocht mac léinn síos go €2,000.

Ach i mbliana agus sna blianta amach romhainn, beidh súil ag mic léinn an €3,000 iomlán a íoc arís, mura gcoinníonn an Rialtas an laghdú.

Dúirt Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) go mbeadh sé sin ina ‘chéim siar’ agus thug siad rabhadh go bhféadfadh sé níos mó mac léinn a chur ar athló nó go mbeadh orthu oideachas a lorg thar lear.

‘Táimid ag feiceáil mic léinn atá sínte go dtí an teorainn cheana féin,’ a dúirt Uachtarán USI, Chris Clifford. ‘Cuirfidh an cinneadh seo go leor daoine thar an imeall.’

Tá cáineadh déanta ag páirtithe an fhreasúra ar an Rialtas freisin. Tá laghdú buan ar tháillí agus méadú ar infheistíocht i dtacaíochtaí do mhic léinn á éileamh ag Sinn Féin agus ag an Lucht Oibre araon.

Dúirt airí rialtais go laghdóidh siad costas an oideachais tríú leibhéal sa Bhuiséad, ach faoi láthair tá costais níos airde os comhair na mac léinn.

Chomh maith leis sin, tá mic léinn ag streachailt le háit chónaithe a aimsiú, agus go leor acu á n-éigean i dturas fada, i dtithe róphlódaithe, nó i socruithe mí-oiriúnacha i dteach cónaithe.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram