

Le bheith i do pholaiteoir sa lá atá inniu ann, ní mór duit a bheith mór le rá ar na meáin shóisialta. Agus tá Jim Gavin tar éis é sin a fháil amach.
Mar sin féin, is polaitíocht é, Jim, ach ní mar a thuigimis é.
Rinne sé botún mór agus é ag caint faoi Iosrael i nGaza, ag rá go bhfuil a ndóthain déanta acu i dtaobh an cuspóir míleata.
Ní sin atá daoine ag postáil faoi, áfach, ach a bhrístí bána agus an geata oscailte nuair a rinne Fianna Fáil físeán caidreamh poiblí leis ar fheirm.

Más tús maith leath na hoibre, an é tús dona an obair dhúbailte – más ea, ní raibh eagla ar Jim riamh roimh dhúshlán.
Beidh ainm Jim Gavin, atá 54 bliain d’aois, le cloisteáil go deo i stair an CLG. Bhí is ina bhainisteoir ar fhoireann peile na Dubs ó 2012 go 2019, tréimhse ina bhuaigh siad sé Chraobh na hÉireann, lena n-áirítear cúig as a chéile.
Is éacht iontach é sin, ach tá taobh diúltach leis. Cloistear daoine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ag rá: ‘Ní vótálfainn ar son an Dub sin riamh.’ Ach níl siad ag úsáid an fhocail ‘Dub’.

Tá paisean láidir fós don pheil agus don chontae ar fud na hÉireann.
Chuir sé síos ar a mhodhanna cóitseála, ag rá go raibh sé tábhachtach a imreoirí a choinneáil ocrasach agus go dtuigfidís ‘nach raibh muid riamh mar an fhoireann críochnaithe’.

Bhí sé i gceannas ar Choiste Athbhreithnithe Peile (Football Review Committee) CLG freisin, rud a thug athruithe móra isteach ar an gcaoi a n-imrítear peil. Agus tá moladh mór faighte aige féin, agus ag na rialacha, as an gcluiche a fheabhsú.
Ach ní hé an pháirc imeartha amháin a bhfuil Gavin ina laoch ann.

Rugadh é i gCluain Dolcáin agus tá baint láidir ag a theaghlach le Áras Chrónáin sa sráidbhaile. Chuaigh sé isteach sna Fórsaí Cosanta ag aois 18. Chaith sé 20 bliain san Aerchór, ag éirí go rang Ceannasaí Eitilte.
D’oibrigh sé le misean na Náisiún Aontaithe sa Mheánoirthear agus san Afraic freisin.

Tar éis dó éirí as an arm, ghlac sé róil shinsearacha san Údarás Eitlíochta na hÉireann (Irish Aviation Authority) mar Phríomhoifigeach Oibríochtaí.
Bí sé gníomhach i seirbhís phoiblí freisin – ina chathaoirleach ar Thionól Saoránach Bhaile Átha Cliath agus ar Thascfhórsa an Lárchathair Thoir Thuaidh.

Tá Gavin pósta le Jennifer agus tá beirt pháiste acu. Dúirt sé go spreagann a chlann é ‘le bheith ar a fheabhas gach lá’.
Agus é ag tabhairt faoin bhfeachtas, tá sé ag cur béime ar a luachanna mar ‘Phoblachtach bunreachtúil’, ag rá gur vótáil sé ar son athrú i reifreann an ghinmhillte agus pósadh comhghnéis.

Bhí an próiseas roghnaithe laistigh d’Fhianna Fáil dian. Bhuaigh Gavin an vóta rúnda 41-29 in aghaidh Billy Kelleher, MEP agus iar-aire stáit.
Dúirt Gavin: ‘Tá mo shaol fite fuaite le seirbhís don phobal agus don tír. Tá mé réidh le freastal arís mar Uachtarán gníomhach a thugann cuairt ar gach cúinne den oileán.’

Tá tacaíocht láidir aige ó cheannaire an pháirtí, Micheál Martin, a dúirt go ndéanfaidh Gavin ‘Uachtarán den scoth’ mar gheall ar a thaithí mar shíochánaí, píolóta agus bainisteoir CLG.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.