

Táthar ag súil le 20,000 cainteoir Gaeilge ag máirseáil trí shráideanna ár bpríomhchathrach amárach chun agóid a dhéanamh i gcoinne an fhaillí ar ár dteanga dhúchais ar an dá thaobh den teorainn.

Le neamhshuim go leor i gceannas sa deisceart, agus naimhdeas glan sa tuaisceart, tá an teanga, atá i gcroílár ár gcultúir – agus ár dtuiscint orainn féin- ag fáil bás go mall.
Cé go bhfuil go leor cainte faoi bhród as an teanga sa Rialtas, tá Ceann Comhairle tofa ag an Dáil nach raibh in ann Gaeilge a labhairt – agus anois creideann an dá phríomhpháirtí gur cheart Uachtarán a bheith againn nach labhraíonn Gaeilge.
Cuirtear Céad Teanga ár náisiúin, mar a shainmhínítear i mBunreacht na Poblachta seo í, sa dara háit ag na daoine atá i gcumhacht.
Tá tuiscint chruinn ar cad atá ag tarlú ar fáil sna 20 cúis seo – deich gcinn ó dheas den teorainn agus deich gcinn ó thuaidh den teorainn – a chuireann frustrachas ar chainteoirí Gaeilge faoin gcaoi a bhfuil faillí á déanamh ag na húdaráis inár dteanga:

1. Tá an líon daoine le Gaeilge mar chéatadán den daonra iomlán tar éis titim ó 40% i 2011 go 37% i 2022.
2. Níl ach 20,261 cainteoir laethúil ann faoin am seo sa Ghaeltacht agus tháinig laghdú 13% ar an líon cainteoir laethúil sa Ghaeltacht idir 2011 agus 2022.
3. Tá níos mó ná 1,000 teach/árasán ar Airbnb sa Ghaeltacht agus níos lú ná 10 dteach ar fáil le tógáil ar cíos go fad téarmach sa Ghaeltacht.
4. Ní chaitheann an Stát ach 0.10% de chaiteachas iomlán an Stáit ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta a bhaineann le Roinn na Gaeltachta (sin caiteachas ar Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge san áireamh).
5. Nuair a thógtar boilsciú san áireamh tá laghdú 45% ar an maoiniú atá ag Foras na Gaeilge ná a bhí acu 20 bliain ó shin cé go bhfuil an méid grúpaí atá le maoiniú sa phobal tar éis fás go tréan.

6. Is ionann an méid maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus 8 n-oiread níos mó maoinithe ag an gComhairle ná ag Foras na Gaeilge (20 bliain ó shin bhí an Chomhairle ag fáil 2.5 oiread níos mó maoinithe ná a bhí Foras na Gaeilge).
7. Cé gur gheall an Rialtas deireanach go bheidís ag oibriú i dtreo an líon daltaí sna Gaelscoileanna a dhúbailt, thit an líon daltaí sna Gaelscoileanna 3%.
8. Tá 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil ó rang a 1 go rang a 6 ó mhí Meán Fómhair 2025 ar aghaidh.
9. Tá breis is 50,000 dalta sna meánscoileanna le díolúine ó staidéar na Gaeilge agus níl aon phlean in aon chor le dul i ngleic leis na díolúintí.

10. Tá an méid airgid a gcuirtear ar fáil ó Fhoras na Gaeilge sá scéimeanna ag laghdú i gcónaí agus faoin am seo níl na grúpaí sa Scéim Forbartha Líonra Gaeilge ach ag fáil €48,000 sa bhliain.
1. Tá 60% de Ghaelscoileanna ó thuaidh fós lonnaithe i gcóiríocht shealadach.
2. Tá titim thubaisteach tagtha ar líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge mar ábhar GCSE sna meánscoileanna Béarla ó thuaidh le 20 bliain anuas, ó 2,630 dalta sa bhliain 2004 go 1,572 sa bhliain 2024.
3. Faoi láthair, suíonn an bunlíne mhaoinithe don Ghaeilge ó thuaidh ag timpeall 0.024% den státchiste iomlán (thart ar £7m sa bhliain). Mar fhoinse comparáide, tá Rialtas na Breataine Bige ag caitheamh níos mó airgid ar straitéis teanga in aon bhliain amháin ná mar atá an Roinn Phobail i ndiaidh a chur chuig Foras na Gaeilge le 10 mbliana anuas.
4. Tá sé deimhnithe faoi dhó san Ard Chúirt go bhfuil ag teip ar an Fheidhmeannas ó thuaidh glacadh le straitéis don Ghaeilge. Tá an dualgas seo sa dlí ó bhí 2007 ann.

5. Leabaíonn an reachtaíocht teanga stairiúil a fuarthas faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga ról an Choimisinéara Gaeilge i gcroílár na polaitíochta anseo; ciallaíonn seo go bhfuil chros gníomhach ag an DUP ar gach mír a bhaineann leis an ról agus leis an reachtaíocht féin.
6. Cuirtear cosc ar chomharthaíocht dhátheangach i spásanna roinnte, poiblí ó thuaidh.
7. Tá earnáil na luathbhlianta Gaeilge ag snámh in aghaidh easa, le méadú suntasach ar éileamh do sheirbhísí tráth a bhfuil cur chuige neamhghníomhach ann ón stát, rud a chuireann tuilleadh brú airgeadais, acmhainní agus foirne ar an earnáil.

8. Tá polasaithe bunús na gcomhairlí áitiúla mar a bhaineann le sráidainmneacha thar a bheith dian agus sriantach agus iad deartha ar bhealach chun cinntiú nach mbeidh rath ar iarratais chun feiceálacht na Gaeilge a mhéadú.
9. Déantar imeaglú go fóill ar dhaoine a bhfuil sé de dhanacht acu an Ghaeilge a fhoghlaim, a cheiliúradh nó a úsáid.
10. Tugann údaráis phoiblí suntas d’argóintí seicteacha, éadulangacha, gan bhunús i gcoinne na Gaeilge agus iad ag tabhairt faoi scagtha nó measúnaithe comhionannais ar cheisteanna tábhachtacha Gaeilge.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.