

Tá sé deimhnithe go mbeidh Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann ar siúl ag Trump International Golf Links i nDún Beag, Co. an Chláir, an bhliain seo chugainn.
Tá súil ag an Rialtas go dtabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, cuairt ar an láthair le linn an chomórtais i mí Meán Fómhair.

I ráiteas, dúirt Eric Trump: ‘Tá an comórtas seo ar cheann de na himeachtaí is mó a bhfuil cáil orthu sa ghalf agus is maith an rud é a thabhairt chuig Trump Ireland mar thaispeáint ar an gcaighdeán sármhaitheasa atá á chothabháil ag an maoin seo.’
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin: ‘Níl aon amhras ach go mbeadh fáilte roimh an Uachtarán Trump go hÉirinn.’
Dúirt sé go bhfuil an caidreamh idir na SAM agus Éire tábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta, an chultúir de, agus ‘ó theaghlach go teaghlach i dtéarmaí ár ndiaspóra’.
Cé go ndéanann an DP World Tour cinneadh faoi láthair an chomórtais, dúirt foinsí Rialtais go raibh tionchar ag Éirinn ar an rogha seo.
Dar leis an Taoiseach, is deis iontach í seo chun caidreamh trádála agus polaitiúil a neartú idir Éire agus na Stáit Aontaithe.
Dúirt foinse Rialtais: ‘Dúirt an tUachtarán Trump le Micheál Martin i Washington go raibh sé ag súil le cuairt ar Éirinn roimh dheireadh a théarma.
‘Creidimid go bhfeicfidh sé an comórtas seo mar an deis cheart.’
Tá polaiteoirí freasúra ag cur i gcoinne an chinnidh, ag rá gur iarracht é chun Trump a mhealladh, go háirithe agus é ag druidim le toghcháin lár téarma sna Stáit Aontaithe.

Tá infheistíocht os cionn €40 milliún déanta ag eagraíocht Trump sa ghalfchúrsa agus san óstán ó 2014.
Bhuaigh Dún Beag gradam ‘Óstán Gailf is Fearr 2024’ ag na World Golf Awards.
Léiríonn cuntais 2023 go raibh brabús oibriúcháin de €2.06 milliún ag an ionad, le hioncam ag ardú go €16.12 milliún.
Mar sin féin, tá imní ar ghnólachtaí Éireannacha faoin damáiste a dhéanfaidh taraifí Trump do gheilleagar na hÉireann.
Mar shampla, déanfaidh a phleananna chun tionscal cógaisíochta na hÉireann a laghdú (ar fiú €44 billiún é i dtrádáil Éireannach le Meiriceá) dochar mór do shaibhreas mhuintir na hÉireann.
Chomh maith leis sin, tá Trump ina thacadóir láidir d’ionsaithe Iosrael ar mhuintir na Palaistíne i nGaza.
Má thagann Trump arís i 2026, beidh gá le hoibríocht slándála ollmhór eile, cosúil leis an gceann a bhí ann i 2019, nuair a bhí an tArm, an tSeirbhís Rúnda agus na Gardaí i mbun faire.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.