SexyTadhg: Stíl bhríomhar agus guth láidir ar son saol níos fearr do chách

Labhair SexyTadhg le hiriseoir ExtraG, Aoife Ní Bhraoin, faoina shaol agus a shaothar

Tá an t-amhránaí agus moltóir Junior Eurovision SexyTadhg cruthaithe mar cheann de na healaíontóirí is nuálacha in Éirinn le cúpla bliain anuas.

Le stíl spleodrach agus guth uathúil, tá an cumadóir amhrán, pianódóir, agus dearthóir faisean dosháraithe.

SexyTadhg
SexyTadhg

Anois tá siad ag ullmhú chun dul ar an stáitse arís. Ach níl gnáth stáitse atá ann.

Bhí comhpháirtíocht idir Guinness Open Gate Brewery agus Ro and Co Distillery agus Dublin Fringe Festival fógartha le déanaí.

Agus tá SexyTadhg réidh le dul ar an stáitse sa Roe and Co Distillery i mBaile Átha Cliath ar an 10 Meán Fómhair, mar chuid de Creativity on Tap: Where Bold Ideas Meet Iconic Spaces.

Bhí seans agam labhairt leo faoin ghig, an chomhpháirtíocht, agus féiniúlacht.

Tá áthas orthu go mbeidh ‘siamsaíocht agus na seónna go léir á chur chun cinn, agus iad a roinnt le daoine – mar sin príomhaidhm an Fringe freisin, sé sin an seoladh seo a roinnt le muintir Bhaile Átha Cliath agus muintir na hÉireann’.

Conas is féidir ceolchoirm a chur ar siúl i ndrioglann?

‘Níl gig neamhghnách mar seo déanta agam. Mar sin, beidh sé deas é seo a dhéanamh. Agus tá seónna déanta agam i spásanna éagsúla freisin.’

Tá SexyTadhg ina ball d’Aerach Aiteach Gaelach. Is grúpa iontach d’ealaíontóirí aiteacha Gaeilge iad á bunóidh ag Eoin McVey agus Ciara Nic É i 2020.

Is cinnte go bhfuil an pobal LADTA+ fós ag fáil drochíde ar líne, chomh maith le coireacht fuatha ón eite dheas.

Bhíos fiosrach chun fáil amach an bhfuil comhlachtaí níos moille tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí aiteacha anois ná mar a bhí.

‘B’fhéidir. Ach, níl sé mar aidhm agam na hurraíochtaí a fháil’ a dúirt siad. ‘Mothaím sábháilte ar an stáitse ach níl a lán sábháilteacht inár shaol taobh amuigh den stáitse.’

Chuir SexyTadhg béim ar fhéiniúlacht ar fud an chomhrá. Faigheann siad inspioráid ó Lady Gaga, Beyoncé.

Phléamar a stíl mar ealaíontóir agus mhínigh siad gur thosnaigh a aistear cruthaitheach trí fhéachaint ar a máthair ag feidhmiú seó-bhanna  i gCeatharlach ag canadh Proud Mary ar nós Tina í féin.

‘Bhí cumhacht aici ar an seomra,’ a chuimhnigh siad le háthas.

Luaigh siad go bhfuil a lán taithí acu mar cheoltóir ar an stáitse. Tá siad tar éis 7 ghig a dhéanamh ag an bPicnic Leictreach.

Ach mar mholtóir ar Junior Eurovision, glacann siad a bhfreagrachtaí mar eiseamláir dháiríre.

Fashiontg4Aoi mholtoir Tadhg Griffin

‘Leis na páistí seo, tá siad díreach ag teacht isteach go dtí an stáitse ollmhór. Tá a lán brú orthu. An príomhrud a bhím a rá acu ná níl do lucht pearsanta tar éis méadú’ nó teacht síos.

‘Is duine iontach thú. Tá grá ag do thuismitheoirí duit. Fiú muna bhfuil tú ar an seó. It’s not the be-all and end-all.’

Beidh SexyTadhg ar an stáitse sa Roe and Co. Distillery i mBaile Átha Cliath ar Dé Céadaoin, an 10 Meán Fómhair.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram