

Deir saineolaithe gur gá cosc domhanda a chur ar úsáid galtoitíní chun páistí a chosaint ar ‘dhíobháil nach féidir a chur ar gcúl’.
Léirigh staidéar le déanaí go bhféadfadh úsáid galtoitíní an baol stróc a ardú faoi thrian, agus an seans plúchta nó galar croí faoi cheathrú.
Ach thug taighdeoirí foláireamh go bhféadfadh an dochar d’inchinn agus do chroí daoine óga a bheith níos measa fós.

Tá na contúirtí i bhfolach, a deir siad, mar go bhfeictear galtoitíní mar rud ‘neamhurchóideach agus spraíúil’, cé nach bhfuil an margadh seo rialaithe i gceart ar fud an domhain.
Thug an tOllamh Maja-Lisa Lochen, cairdeolaí san Ospidéal Ollscoile i dTuaisceart na hIorua, le fios go bhfuil eagla uirthi go mbeidh galtoitíní ina ‘eipidéim nua’.
‘Tá riosca breise ann i bpáistí i gcomparáid le daoine fásta,’ a dúirt sí.
‘Tá éifeacht dhíobhálach ag nicitín agus ag na ceimiceáin eile ar inchinn atá fós ag forbairt – óna mbroinn go dtí an óige agus fiú sna fichidí. Má thosaíonn páistí ar ghaltoitíní, is minic a fhorbraíonn siad spleáchas ar an nicitín, agus d’fhéadfadh sé iad a bhrú i dtreo toitíní traidisiúnta.’
Dar léi, tá sé soiléir anois nach bhfuil na gléasanna seo neamhurchóideach: ‘Tá siad linn le 15 nó 20 bliain, agus tá na sonraí againn.
‘Méadaíonn siad brú fola, luas croí, agus éiríonn na hartairí níos righne. Táim fíorbhuartha go mbeidh damáiste nach féidir a aisiompú ag an aos óg atá á n-úsáid anois.’

Thaispeáin a cur i láthair ag Comhdháil Chumann Cairdeolaíochta na hEorpa i Maidrid go bhfuil 133 ceimiceán díobhálach i ngaltoitíní, agus 107 díobh aitheanta mar ábhair a d’fhéadfadh ailse a chur ar dhaoine.
Dúirt sí freisin gur ‘margadh idirnáisiúnta gan mórán rialachán’ atá ann, agus go bhfuil an tionscal ag brath ar lucht tionchair sna meáin shóisialta chun iad a chur chun cinn.
Idir an dá linn, táthar ag fanacht go gcuirfear reachtaíocht nua i bhfeidhm in Éirinn.
De réir an Bhille um Tháirgí Ionanálaithe Nicitín, beidh ar shiopaí galtoitíní a chur i bhfolach cosúil le tobac, le cosc ar dhathanna lonracha nó cartúin ar phacáistí. Beidh cosc iomlán freisin ar fhógraíocht i ngach áit a ndíoltar galtoitíní.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.