Caithfidh mic léinn agus a dtuismitheoirí €16,000 a íoc as oideachas tríú leibhéal

Tá méadú €600 tagtha ar chostas oideachais tríú leibhéal do na mic léinn agus dá dteaghlaigh agus cosnaíonn sé €16,000 sa bhliain anois

Tá mic léinn tríú leibhéal in Éirinn ag tabhairt aghaidh ar chostais thar €16,000 i mbliana, dar le taighde nua.

Tá an tsuim sin thart ar €600 níos airde ná anuraidh, agus fiú sna bailte is saoire tá méadú de 9% tagtha ar chostais.

Léiríonn an staidéar go bhfuil lóistín i mBaile Átha Cliath i bhfad níos daoire ná áit ar bith eile.

D’fhéadfadh mic léinn i mBaile Átha Cliath suas le €642 níos mó in aghaidh na míosa a íoc i gcomparáid le mic léinn i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall – an baile is saoire do mhic léinn.

student feat 1
D’fhéadfadh mic léinn i mBaile Átha Cliath suas le €642 níos mó in aghaidh na míosa a íoc

Cosnaíonn bliain i Leitir Ceanainn meánchostas de €14,300, sin €5,777 níos lú ná i mBaile Átha Cliath.

Tá na cíosanna is ísle i Leitir Ceanainn, Sligeach, Dún Dealgan, Port Láirge agus Baile Áth Luain arís i mbliana.

Ar an taobh eile, tá Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Má Nuad i measc na gceantar is daoire.

Deir an suíomh comparáide praghsanna, Switcher.ie, go bhfuil na costais mhaireachtála ag cur ualach trom ar mhic léinn na tíre.

Is iad na cíosanna arda is mó atá ag brú an chostais suas, agus de réir tuairisce ó Daft.ie, tá cíosanna sa tír ina n-iomláine suas 7.3%.

Dúirt Eoin Clarke, stiúrthóir Switcher.ie: ‘Cé go bhfuil boilsciú laghdaithe beagán, tá mic léinn fós faoi bhrú.

‘Tá costais lóistíní príobháideacha do mhic léinn tar éis ardú go mór, agus don chuid is mó tá an costas coláiste ag an leibhéal is airde riamh.

‘Tá bailte a bhíodh measartha saor ag éirí níos daoire freisin, rud a fhágann nach bhfuil sé éasca do mhic léinn buiséad a shíneadh.’

Fuarthas amach sa staidéar gur gá do mhic léinn Éireannacha thart ar €556 breise a íoc i mbliana chun na costais bhliantúla a chlúdach, agus do mhic léinn lasmuigh den AE is ionann an méadú agus €1,391.

Ó 2023 i leith, tá meánchostais na mac léinn Éireannach suas €1,081, agus do mhic léinn idirnáisiúnta tá sé €2,234.

De réir na Treorach um Chostais Mhaireachtála do Mhic Léinn 2025, is féidir le mic léinn atá incháilithe do tháillí saor in aisce súil a bheith acu le costas meánach de €16,179 sa bhliain.

Maidir le mic léinn idirnáisiúnta, is é an costas meánach €27,871.

Gan iontas, is arís i mBaile Átha Cliath atá an saol mac léinn is daoire.

Tháinig ardú meánach 4% ar chostais ó anuraidh – sin dhá oiread ráta an bhoilscithe faoi láthair.

I mbliana, bhí na harduithe cíosa ba mhó i Leitir Ceanainn, Ceatharlach, Port Láirge, Sligeach agus Corcaigh, ag ardú thart ar 8%, go háirithe mar gheall ar lóistíní príobháideacha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram