Steve Carell ag tarraingt pionta ar Oileáin Árann

Tá an t-aisteoir Hollywood Steve Carell in Éirinn lena theaghlach ar saoire agus mar sin b’éigean dó an dúshlán ‘tarraing pionta Guinness’ a dhéanamh ar Inis Meáin

Ní ionadh é a rá gur cosúil go bhfuil gach réalta mór le rá, agus fiú a máithreacha, tar éis teacht go hÉirinn i mbliana lena gcuid laethanta saoire a chaitheamh.

Agus, le fírinne, níl aon duine ag gearán faoi sin.

Steve Carell ag tarraingt pionta
Steve Carell ag tarraingt pionta

Is deas a chloisteáil nach bhfuil siad go léir ag bailiú sa phríomhchathair amháin, ach go bhfuil siad ag taisteal timpeall na tíre chun blaiseadh a fháil de gach a bhfuil le tairiscint againn.

An t-aisteoir cáiliúil Steve Carell – réalta The Office, Despicable Me agus The Four Seasons – ba é an duine is déanaí a tháinig trasna an Atlantaigh.

Chonacthas Steve  ar Inis Meáin le déanaí, ag baint sult as deireadh an aimsir iontach a bhí againn an samhradh seo.

steve carrell pint3

Bhí áthas ar mhuintir na háite, agus ghlac Síofra Nic Mhánais, atá ag obair i dTeach Ósta Inis Meáin, grianghraf de Steve agus é ag cur pionta Guinness dó féin – rud atá cosúil le traidisiún do chuairteoirí cáiliúla in Éirinn anois.

Bhí Síofra ag magadh: ’An chéad lá agam ar an bpost, agus d’éirigh leis níos fearr ná mise!’

Chomh maith leis sin, thug Steve cuairt ar Choláiste Naomh Eoin, áit ar chuir sé aithne ar mhúinteoirí Niall agus Elizabeth, a bhí thar a bheith sásta bualadh leis an réalta mór scáileáin.

steve carrell gaeltacht
Steve Carell i dTeach Ósta Inis Meáin. Pic: Teach Ósta Inis Meáin/Instagram

Ag an am céanna a bhí Steve ag tarraingt piontaí in Iarthar na tíre, bhí John Cena – laoch WWE agus aisteoir – ag déanamh an rud céanna i mBaile Átha Cliath, i J.R Mahon’s ar Bhruach na Life roimh an chéad SmackDown in Éirinn riamh, a bhí á chraoladh beo ar Netflix timpeall an domhain.

Bhíos féin sa 3 Arena ar an oíche. Bhí an t-atmaisféar dochreidte.

steve carrell colaiste
Steve Carell ag Coláiste Naomh Eoin. Pic: Instagram

Ní hiad Steve Carell agus John Cena amháin atá aimsithe in Éirinn i mbliana.

Tá Harry Styles feicthe i gCill Dara agus i gCill Mhantáin, tháinig Cynthia Nixon ar chamchuairt mór timpeall na tíre, agus ar ndóigh, tá Sarah Jessica Parker agus Matthew Broderick, atá i gcónaí sásta filleadh ar a n-áit fhéile in Iarthar na hÉireann.

steve crrell pint4

Tá Éire, de réir cosúlachta, fós ar bharr an liosta do na réaltaí móra – agus is cosúil go bhfuil pionta Guinness mar chuid den turas do gach duine acu.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram