Tá torthaí na hArdteiste amach: Seo roinnt dátaí tábhachtacha CAO

21/08/2025

Níl laethanta saoire an tsamhraidh thart go hiomlán ach beidh sé in am go luath do na mílte mac léinn tosú ag seiceáil figiúirí an CAO.

Fuair níos mó ná 60,000 scoláire a dtorthaí Ardteistiméireachta Dé hAoine, an 22 Lúnasa – agus an chuid is mó acu ag lorg eolas faoi na figiúirí CAO.

Tá na scoláirí atá ag iarraidh dul ar aghaidh chuig an gcoláiste ag fanacht ar thairiscintí an CAO, a bheidh ar fáil an tseachtain seo chugainn.

Beidh treoracha ar fáil chun sonraí do chomhaid CAO a sheiceáil
Beidh treoracha ar fáil chun sonraí do chomhaid CAO a sheiceáil

Cathain a bheidh an chéad bhabhta tairiscintí CAO?
Foilseofar an chéad bhabhta ag 2in Dé Céadaoin, an 27 Lúnasa.

Is féidir iad a fheiceáil ar shuíomh gréasáin an CAO, agus seolfar téacs agus ríomhphost freisin.

Má tá iarratas déanta agat ar chúrsaí leibhéal a sé/seacht agus leibhéal a hocht, seans go bhfaighidh tú tairiscint ar an dá leibhéal – ach ní féidir ach ceann amháin a ghlacadh.

Má fhaigheann tú an chéad rogha atá agat, sin an t-aon tairiscint a gheobhaidh tú. Má fhaigheann tú rogha níos ísle sa chéad bhabhta, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí rogha níos airde duit i mbabhtaí eile.

Mura bhfaighim tairiscint?
Má tharlaíonn sé nach bhfaighidh tú tairiscint sa chéad bhabhta, gheobhaidh tú ríomhphost. Beidh treoracha ann chun sonraí do chomhaid CAO a sheiceáil.

Cathain an spriocdháta chun tairiscint a ghlacadh?
Caithfear tairiscintí ón gcéad bhabhta a ghlacadh faoi 3.i.n Dé Máirt, 2 Meán Fómhair. Moltar glacadh chomh luath agus is féidir. Gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe tar éis duit glacadh.

Ag fanacht le tairiscint eile
Is féidir leat tairiscintí níos airde ar do liosta rogha a fháil i mbabhtaí níos déanaí, fiú má ghlacann tú le tairiscint níos ísle i dtosach. Má ghlacann tú leis an tairiscint nua, cuirfear an ceann roimhe sin ar ceal go huathoibríoch.

Caithfear tairiscintí ón gcéad bhabhta a ghlacadh faoi 3.i.n Dé Máirt, 2 Meán Fómhair
Caithfear tairiscintí ón gcéad bhabhta a ghlacadh faoi 3.i.n Dé Máirt, 2 Meán Fómhair

Dátaí eile do thairiscintí

  • Babhta 2: ón 8 Meán Fómhair (2in) go dtí an 10 Meán Fómhair (3in).
  • Babhta 3: ón 16 Meán Fómhair (10rn) go dtí an 18 Meán Fómhair (3in).
  • Babhta 4: ón 23 Meán Fómhair (10rn) go dtí an 25 Meán Fómhair (3in).

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram