Osclóidh Na Doirse ár súile ar thinneas dofheicthe

Músclóidh an scannán gearr seo, Na Doirse, idir chomhthuiscint is chomhbhá sa lucht féachana, a deir Gearóidín Nic Cárthaigh

Léirmheas: Na Doirse, scannán 9.5 nóiméad le Mary Tynan: Deirtear gur gaire cabhair Dé ná an doras, ach faraor, ní mar sin a bhíonn i gcónaí. 

Seo scéal fé bhean a úsáideann cathaoir rotha, go bhfuil tinneas néareolaíoch uirthi, agus na constaicí a bhíonn ina bealach agus í ag iarraidh a saol a chaitheamh.

Na Doirse
Na Doirse

Aisteoir amháin (Mary Tynan) a insíonn an scéal don gceamara, agus is cur chuige ana-shímplí – ach an-éifeachtach – é seo.

Labhraíonn an carachtar ón gcroí amach, is faighimid léargas ar a bhfuil ag goilliúint uirthi.

Léiríonn Mary a cumas agus a hildánacht mar aisteoir –  tá idir dhiongbháilteacht is leochaileacht sa charachtar, tréithe a théann i bhfeidhm ar an lucht féachana.

Aisteoir, scríbhneoir, is stiúrthóir í Mary Tynan a bhunaigh an t-ionad ealaíon ar líne, Notes from Xanadu, le linn na paindéime. 

Saolaíodh i Londain í, ach d’aistrigh sí lena muintir go Gaillimh agus í ina cailín óg. 

Léiritheoir, scríbhneoir is eagarthóir is ea Seán Breathnach, agus tá duaiseanna éagsúla buaite aige as a chuid scannán. 

Seoladh Na Doirse i nGaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, Cathair na Gaillimhe i mBealtaine na bliana so, mar a raibh slua breá i láthair.

Reáchtáladh seisiún ceisteanna is freagraí i ndiaidh an taispeántais, nuair a chuir Barbara Nic Dhonnacha  agallamh ar Mhary is ar Sheán. 

Ag leanúint ar aghaidh ó lainseáil Na Doirse, tá an scannán ar fáil ar líne anois agus is maith an ní é go mbeidh teacht ag lear mór daoine air.

Is scannán ana-chumhachtach é Na Doirse, a chuirfidh go mór leis an tuiscint atá ag an bpobal ar thinneas dofheicthe, dar liom, is tá ana-chreidiúint ag dul do Mhary Tynan is do Sheán Breathnach dá bharr san. 

mary film
CLIC ANSEO

Ní minic a phléitear easláinte nó míchumas i slí atá chomh macánta leis seo, ach amháin b’fhéidir i leithéid, Unrest, an scannán faisnéise fé ME/CFS le Jennifer Brea (2017). 

Músclóidh Na Doirse idir chomhthuiscint is chomhbhá sa lucht féachana, tá súil agam, is n’fheadair éinne cén doras a d’osclófaí san am atá le teacht.

  • Is scannán 9.5 nóiméad é Na Doirse.  Script, stiúradh, agus aisteoireacht – Mary Tynan.  Scannánaíocht agus eagarthóireacht – Seán Breathnach.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram