Tá Urban8, bialann cháiliúil i mBaile Átha Cliath, ag dúnadh

Insíonn custaiméirí faoina mbrón agus Urban8, bialann ina raibh bia agus na manglaim coitianta, ag dúnadh i mBaile Átha Cliath.

Tá drochnuacht do lucht bia i mBaile Átha Cliath 8. Tá an bhialann Urban8 i gCill Mhaighneann (Kilmainham) ag dúnadh go buan tar éis roinnt blianta ag freastal ar an gceantar.

Bhain Urban8 cáil amach de bharr a roghchlár fairsing a chlúdaigh bricfeasta, lónta agus dinnéir, chomh maith le deochanna speisialta agus manglam (cocktails) a mheall go leor custaiméirí dílse.

Urban8
Urban8

I dteachtaireacht a foilsíodh ar líne an tseachtain seo, dúirt bainisteoirí na bialainne: ‘A chairde dílse, tar éis go leor chuimhneacháin, béilí roinnte agus gáirí, tá ár dturas tagtha chun deiridh.

‘Beidh Urban8 ag dúnadh a doirse go buan. Gabhaimid buíochas ó chroí libh ar fad as bhur dtacaíocht agus bhur bhfáilte.

‘Beidh cuimhní maithe againn oraibh i gcónaí.’

Bhain an fógra seo stangadh as go leor daoine sa chomharsanacht.

Scríobh custaiméir amháin: ‘Táim croíbhriste – bhí sé ar cheann dár dtithe bricfeasta is ansa linn. Beidh an áit seo in easnamh orainn go mór.’

Luaigh duine eile: ‘Bialann iontach, bia álainn agus foireann thar a bheith cairdiúil. Tá brón orm go bhfuil sibh ag imeacht.’

Rinne custaiméir Urban8 eile tagairt phearsanta dá thábhacht sa phobal: ‘B’áit éalaithe é domsa le linn tréimhse chrua i mo shaol pearsanta.

‘Beidh me buíoch i gcónaí as sin, agus guím gach rath oraibh amach anseo.’

Bhí Urban8 mar chuid de ghrúpa Galway Bay Brewery, agus cuireadh athnuachan mhór air i 2022.

Bhí acai babhla,  burgair mairteola agus bricfeasta ceardaíochta Éireannach ar an mbiachlár, rud a mheall daoine áitiúla agus cuairteoirí.

Chomh maith leis sin, bhí cead ag custaiméirí Urban8 a madraí a thabhairt isteach, agus de réir a suíomh gréasáin, bhí sé i gceist ag an bhfoireann a bheith mar ‘phointe cruinnithe don phobal agus do chuairteoirí araon, áit a raibh fáilte mhór roimh gach duine.’

Is mór an caillteanas é don cheantar, a deir muintir Chill Mhaighneann.

Tá an pobal buartha mar leanann gnóthaí beaga eile sa phríomhchathair ag dúnadh de bharr costais arda a bhaineann le gnó a reáchtáil i mBaile Átha Cliath.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram