Electric Picnic le Neven Maguire mar DJ agus Theatre of Food ar ais

19/08/2025

Beidh neart le hithe agus le hól ann agus Electric Picnic ag tabhairt imeachtaí Theatre of Food ar ais, le Neven Maguire

Tá Electric Picnic le bheith ar siúl níos déanaí an mhí seo, agus na sluaite ag dul ar Shráidbhaile Hall.

Beidh stáitsí nua agus ealaíontóirí nua le feiceáil, agus tá lucht eagraithe Electric Picnic tar éis a fhógairt go mbeidh stáitse ‘Theatre of Food’ ar ais arís.

Beidh Neven Maguire ag Electric Picnic
Beidh Neven Maguire ag Electric Picnic

Beidh blasanna idirnáisiúnta ann, taispeántais chócaireachta agus seónna manglaim (cocktails).

Ach an bhuaicphointe ná Neven Maguire féin, as an gCabhán, a dhéanfaidh taispeántas cócaireachta agus seisiún beo DJ lena chuid amhrán is ansa leis, i dteannta an DJ/cócaire Marcus O’Laoire.

Beidh cócairí eile ar an stáitse mór Electric Picnic freisin, ina measc an cócaire réalta Michelin JP McMahon, Johnny ‘The Hungry Hooker’ Murphy, agus Graham Herterich, ar a dtugtar ‘The Cupcake Bloke’.

electric picnic

Beidh taispeántais chócaireachta éagsúla ar siúl ar thrí stáitse éagsúla an Theatre of Food.

Ar an Domhnach, beidh an bricfeasta bliantúil i bhfabhar Irish Cancer Society agus Cancer Care West.

Beidh ‘an cluiche díoltais’ mór fosta – an Toasted Sandwich-off. Beidh curadh na bliana seo caite, Áran Bakery ó Chill Chainnigh, ag dul in iomaíocht le Grá Pizza agus Ryan Lally as Cill Dara.

Agus leis an bhfocal ‘Paddystinian’ anois in úsáid ag Éireannaigh a thacaíonn leis an bPalaistín, beidh bia Palaistíneach le fáil freisin ag Electric Picnic ó Izz Café, One Plate for Palestine agus eile.

Beidh Liam Finnegan ó Ashford Castle ag taispeáint conas do phicnic a fheabhsú, agus den chéad uair riamh beidh ‘Pub Quiz’ speisialta ag an Theatre of Food.

Beidh an Drinks Theatre ar ais chomh maith.

Déanfaidh an scríbhneoir deochanna Éireannach Aoife Carrigy iniúchadh ar chultúr óil na hÉireann agus ar a tháirgeoirí agus allmhaireoirí.

Cuirfidh Judith agus Susan Boyle tús leis an deireadh seachtaine Electric Picnic le seó manglam ‘Punches and Cups’, agus taispeánfaidh Christina Wade agus Donal Fallon deochanna a tháinig roimh an teach tábhairne.

Beidh Theatre of Food ar ais
Beidh Theatre of Food ar ais

Ar stáitse ‘Theatre of Food Garden’ beidh beárbaiciú ar siúl le linn an deiridh seachtaine, le bia ó Smokin’ Soul agus moltóirí aíonna éagsúla.

Beidh Electric Picnic ar siúl ó 29 go 31 Lúnasa, agus tá na ticéid díolta amach cheana féin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram