

Tá sé léirithe ag staidéar bia ceannródaíoch, don chéad uair, gur féidir le haiste bia fholláin srian a chur ar ailse phróstataigh éirí níos contúirtí.
Rinneadh an taighde thar 12 bliain ar bheagnach 1,000 duine a raibh an galar orthu, agus d’oscail sé an doras d’aiste bia sonrach chun cabhrú sa troid ina choinne.
Dúirt an Dr Christian Pavlovich, ollamh le húireolaíocht (urology) i Scoil an Leighis Ollscoil Johns Hopkins i mBaltimore, SAM: ‘Creidimid gur sinne an chéad dream a thug fianaise shuntasach staidrimh go mbaineann aiste bia fholláin le laghdú ar an mbaol go n-éireoidh ailse phróstataigh níos measa.’

Foilsíodh an staidéar, a ndearna piarmheasúnú air, san iris JAMA Oncology.
Scrúdaigh sé aistí bia 886 othar a raibh ailse phróstataigh de ghrád a haon (an fhoirm is lú gníomhach) orthu idir Eanáir 2005 agus Feabhra 2017.
Rinneadh measúnú orthu de réir Innéacs Itheacháin Shláintiúil (Healthy Eating Index – HEI).
Fuair na taighdeoirí amach go raibh laghdú suntasach ar an mbaol go bhfásfadh an ailse go leibhéal níos tromchúisí i measc daoine a raibh scór níos airde acu ar an HEI, is é sin, a bhí ag ithe bia níos folláine.
Dúirt comhúdar an staidéir, an tOllamh Bruce Trock, saineolaí in úireolaíocht, eipidéimeolaíocht agus oinceolaíocht (oncology) in Ollscoil Johns Hopkins: ‘Tá súil againn go gcuideoidh na torthaí is déanaí seo linn céimeanna soiléire a fhorbairt ar féidir le hothair a ghlacadh chun an baol dul chun cinn an ghalair a laghdú.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.