

Beidh Aussie Rules na mBan ag filleadh ar TG4 le clúdach seachtainiúil de shéasúr 2025 den Australian Football League Women’s (AFLW) ar fáil arís.
Gealltar go mbeidh séasúr 2025 ar an gceann is corraithí fós, le 39 imreoir as Éirinn páirteach i mbliana ann.

I measc na n-imreoirí sin tá Orla O’Dwyer ó Thiobraid Árann atá ag imirt thall ó 2022, chomh maith le himreoirí nua mar Kayleigh Cronin, a bhuaigh Laoch na hImeartha do Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh.
Tosóidh séasúr 2025 Dé hAoine an 16 Lúnasa, agus beidh na foirne go léir ag iarraidh áit a dheimhniú sa Chluiche Ceannais a bheidh ar siúl Dé hAoine an 29 Samhain.
Craolfar dhá chluiche iarbheo gach deireadh seachtaine mar chuid de Aussie Rules na mBan ar TG4, chomh maith le buaicphointí seachtainiúla gach Luan ag 8pm mar chuid den chlár GAA 2025.
Cuirfear tús leis an gcraoladh ag 5.15pm Dé Sathairn an 16 Lúnasa nuair a thabharfaidh Geelong Cats aghaidh ar na Kangaroos.

Beidh Port Adelaide le Fremantle ansin ag 5.15pm Dé Domhnaigh an 17 Lúnasa.
Beidh gach cluiche le fáil ar TG4 agus ar TG4.ie.
Beifear ábalta an t-aicsean ar fad a leanúint ar @SportTG4 ar na meáin shóisialta lena n-áirítear buaicphointí, agallaimh agus ábhar eisiach eile i rith an tséasúir.
Imreoirí as Éirinn
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.