Ó ‘Dinglewood’ go Dollywood, tá stadas  íocónach oifigiúil ag Dolly Parton anois

13/08/2025

Tá stádas íocónach oifigiúil tugtha do Dolly Parton anois ag Guinness World Records mar ‘ téann a tionchar i bhfad níos faide ná saol an cheoil’

Tá an scéal faoi cheangal Dolly Parton le Ciarraí agus go háirithe le Gaeltacht Chiarraí cloiste go minic.

Go luath sna 1990idí, tugadh stádas íocónach neamhoifigiúil don amhránaí ceoil tíre sa chontae nuair a thug sí cuairt gan choinne ar theach tábhairne Pháidí Ó Sé i nDaingean Uí Chúis.

Tá Dolly Parton, atá 79 bliain d’aois, i seilbh 11 taifead éagsúla cheana féin
Tá Dolly Parton, atá 79 bliain d’aois, i seilbh 11 taifead éagsúla cheana féin

Ansin, chuir sí áthas ar mhuintir na háite le léiriú gan choinne dá hamhrán Coat of Many Colors.

Bhain sí an oiread sin taitneamh as gur thug sí ‘Dinglewood’ ar an mbaile i ndiaidh a háite féin ar a dtugtar Dollywood.

Mar sin féin, tá stádas íocónach oifigiúil tugtha di anois ag Guinness World Records.

Bronnadh Teastas ‘íocónach’ uirthi mar chuid de cheiliúradh 70 bliain na heagraíochta.

Tá Parton, atá 79 bliain d’aois, i seilbh 11 taifead éagsúla cheana féin.

Le Páidí Ó Sé
Le Páidí Ó Sé

Ina measc sin tá: an líon is mó deich mbliana as a chéile le halbaim sa 10 n-amhrán ar bharr chairt ceoil Billboard do cheol tíre; an líon is mó albam stiúideo eisithe ag amhránaí tíre mná; agus an líon is mó ainmniúchán Grammy d’amhránaí tíre baineann.

Rinne sí stair freisin mar an chéad amhránaí tíre a ainmníodh don ‘EGOT’ – Emmy, Grammy, Oscar agus Tony – rud ar a dtugtar ‘Grand Slam’ an ghnó siamsaíochta.

Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, dúirt Craig Glenday, príomheagarthóir Guinness World Records: ‘Tá cáil ar Dolly Parton mar dhuine de na cumadóirí agus na taibheoirí is mó ráchairt i stair an cheoil tíre.

‘Tá an iliomad teastais againn a léiríonn an méid sin, ach téann a tionchar i bhfad níos faide ná saol an cheoil.

‘Tá go leor tionscadal a bhfuil sí fíor-thiomanta dóibh – an imní atá aici faoi bhochtaineacht, oideachas, taighde leighis, agus gan trácht ar an bhfeachtas leabhair saor in aisce “Imagination Library”.

‘Is na tionscnaimh seo a chuireann Dolly i rang dá cuid féin.

‘Is laoch beo í i ndáiríre, agus is mór an onóir dom stádas íocónachGWR a bhronnadh uirthi.’

dolly1

Bronnadh an teastas ar Dolly ag a stiúideonna i Nashville, Tennessee.

Tá Dolly Parton anois i measc daoine iomráiteacha eile a fuair an onóir chéanna, lena n-áirítear Paul McCartney, Beyoncé, Elton John, Taylor Swift agus Drake.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram