

Ceaptar go minic gurb é an ceol clasaiceach rogha daoine a bhfuil blas sofaisticiúilacu – agus is cosúil go mbaineann sé sin leis an mbia freisin.
De réir staidéir nua, bhí claonadh ag daoine a d’éist le ceol clasaiceach le linn béile bia íseal saill a roghnú agus níos lú calraí a ithe.
Molann saineolaithe, ina measc taighdeoirí ó University College London, gur féidir leis an spreagadh chun meáchan a choinneáil Íseal a bheith chomh simplí le hamhráin bog clasaiceach a chasadh agus tú ag ithe.

Ach dar leo, b’fhearr seachaint a dhéanamh ar snagcheol, rap nó rac-cheol ag am béile, mar léirigh an taighde go roghnódh daoine a bhí á n-éisteacht leis na seánraí sin bia míshláintiúil agus níos mó calraí.
Foilsíodh na torthaí san iris Brain Topography, agus tacaíonn siad le taighde eile a léirigh go laghdaíonn amhráin ciúin do ghéarchéim ocrais, ach go spreagann amhráin fuinniúil í.
Ceapann na taighdeoirí go bhféadfadh amhráin mall, suaimhneach dul i bhfeidhm ar chodanna den inchinn a chruthaíonn mothúcháin ocrais.
‘Tá nasc féideartha idir ceol agus bia,’ a dúradar.
‘Fuair roinnt staidéir amach freisin go gcuireann ceol ar mhéid níos ísle agus ar tuinairdeníos airde le roghanna níos sláintiúla ag daoine.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.