Tá dul chun cinn mór déanta ag peil na mban le TG4

De réir fhigiúirí oifigiúla TAM Ireland/Nielsen, d’fhéach beagnach 490,000 duine ar chlúdach TG4 de Lá na gCluichí Ceannais i bpeil na mban

Mheall Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan, a bhí ar TG4, lucht féachana ollmhór agus ba é an dara slua ba mhó é a bhí i bPáirc an Chrócaigh ó 2019.

D’fhreastail 56,114 duine ar an gCluiche Ceannais idir Áth Cliath agus Gaillimh.

Féachadh os cionn 3.4 milliún uair ar chainéil meán sóisialta Spórt TG4 le linn sheachtain na gcluichí ceannais
Féachadh os cionn 3.4 milliún uair ar chainéil meán sóisialta Spórt TG4 le linn sheachtain na gcluichí ceannais

Leanann TG4 de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt pheil na mban ina chraoltóir oifigiúil agus ina phríomhurraitheoir trí chlúdach de Chluichí Ceannais na Sóisear, Idirmheánach agus na Sinsear a chur ar fáil.

Bíonn sé ar fáil sa bhaile agus thar lear ar ardáin líneacha agus dhigiteacha.

Craoladh gach ceann de na trí chluiche beo, saorchraolta, ar fud an domhain ar TG4 Dé Domhnaigh, an 3 Lúnasa. 

De réir fhigiúirí oifigiúla TAM Ireland/Nielsen, d’fhéach beagnach 490,000 duine ar chlúdach TG4 de Lá na gCluichí Ceannais tráthnóna Dé Domhnaigh.

Tharraing an Cluiche Ceannais idir Áth Cliath agus an Mhí lucht féachana 172,500 duine ar an meán, rud a léiríonn méadú 16% ar an lucht féachana i gcomparáid le Cluiche Ceannais Pheil na mBan i 2024.

Ghlac an cluiche sciar 27.3% den lucht féachana i measc daoine aonair, rud a d’fhág gurb é TG4 an cainéal is mó a raibh tóir air in Éirinn le linn an chluiche tráthnóna Dé Domhnaigh.

Baineadh buaicleibhéal an lucht féachana amach ag 5:43pm le 248,600 duine nuair a bhuaigh Áth Cliath Corn Bhreandáin Uí Mháirtín den chéad uair ó 2023. 

Seo roinnt figiúirí eile:

  • Cluiche Ceannais na Sinsear (Áth Cliath v An Mhí): Lucht féachana 172,500 duine ar an meán
  • An Cluiche Ceannais Idirmheánach (Tír Eoghain v Laois): Lucht féachana 93,900 duine ar an meán
  • Cluiche Ceannais na Sóisear (Aontroim v An Lú): Lucht féachana 32,600 duine ar an meán
  • Méadú 37% ar shruthanna beo ar na trí chluiche ceannais i gcomparáid le 2024.

Féachadh os cionn 3.4 milliún uair ar chainéil meán sóisialta Spórt TG4 le linn sheachtain na gcluichí ceannais.

 Bhí os cionn 48,000 duine sa lucht féachana i bPáirc an Chrócaigh Lá na gCluichí Ceannais.

Is é sin an líon is mó daoine ag na Cluichí Ceannais ó 2019.

Cuireann an chloch mhíle sin béim ar an móiminteam atá ag dul i méid taobh thiar de Pheil na mBan agus ar an nasc láidir atá á chothú le pobail agus le lucht tacaíochta ar fud na tíre.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram