

Tá praghsanna bia in Éirinn ar na cinn is airde sa limistéar an Euro (Eurozone) – an dara háit is daoire i ndiaidh Lucsamburg, de réir staidéir nua ón Lároifig Staidrimh (CSO).
Agus maidir le halcól, níl faoiseamh ar bith ann – bhí praghas alcóil in Éirinn beagnach dúbailte ar an meán san AE27 i 2024.

Rinneadh comparáid idir 36 tír – 27 de chuid an AE agus naoi gcinn eile – i dtaobh costas bia agus dí. Meastar gur í an Rómáin an tír is saoire san AE, agus an tSlóvaic an ceann is saoire i measc tíortha limistéar an Euro.
Tá alcól in Éirinn sa dara háit is daoire i measc tíortha an AE27 agus an limistéar an Euro, beagnach dhá oiread an mheáin.
Deir miondíoltóirí go bhfuil cúrsaí cánach, costais saothair agus lóistíochta ag brú na bpraghsanna bia suas.
Dúirt Arnold Dillion ó Retail Ireland: ‘Léiríonn na praghsanna seo na dúshláin struchtúracha atá ag baint le geilleagar na hÉireann – ó tháillí arda, go costais ardfhuinnimh, árachas agus cíosanna tráchtála, chomh maith le loighistic chasta mar oileán.’
Léirigh sé freisin gur tháinig méaduithe ar phraghsanna bia ón mbun aníos – praghsanna ag geata na feirme ag ardú go géar, costais ar earraí amh ar fud an domhain ag méadú, agus drochaimsir ag cur isteach ar bharra san Eoraip.
Cé go bhfuil tuarastail níos airde in Éirinn ná an meán san AE, dúirt Michael Kilcoyne ón Consumers’ Association of Ireland: ‘Tá cáin san áit seo i measc na cinn is airde san Eoraip. Tá costais chónaithe, fuinnimh agus eile i bhfad ró-ard. Níl go leor daoine in ann aon rud a chur i leataobh ar chor ar bith.’
Bhí alcól is saoire san Iodáil – 16% faoi bhun mheán an AE27. Ba í an Fhionlainn an tír is daoire don alcól, agus bhí Éire sa chúigiú háit is daoire i measc na 36 tír.
Maidir le grúpaí bia ar leith:
· Bhí praghas ar arán agus gránach in Éirinn 17% os cionn mheán an AE.
· Bhí feoil ar chomhchéim leis an meán.
· Bhí iasc 5% níos daoire.
· Bhí bainne, cáis agus uibheacha 11% níos daoire.
· Bhí torthaí, glasraí agus prátaí 9% níos daoire.
· Bhí olaí agus saillte 6% níos daoire.

Agus maidir le tobac – is í Éire an tír is daoire de na 36, le praghsanna 159% os cionn an mheáin san AE. Bhí na praghsanna bia is ísle sa Tuirc – 74% faoi bhun an mheáin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.