Glór na nGael agus spraoi le Gaeilge

Beidh seachtain ar leith do 36 teaghlach atá ag dul go Corca Dhuibhne le Glór na nGael

Beidh 36 teaghlach lán-Ghaeilge – 170 duine san iomlán – ag teacht le chéile le Glór na nGael i gColáiste Íde an Domhnach seo, le haghaidh seachtain lán le pobail, cultúr agus spraoi.

Tá sé mar chuid de Shaoire Ghaeltachta le Glór na nGael – saoire speisialta a dearadh go sonrach do theaghlaigh Ghaeilge ar gach leibhéal líofachta.

Beidh 25 teaghlach ag fanacht ar an láthair, rud a chuirfidh beocht agus fuinneamh ar leith sa Choláiste le linn na seachtaine.

Glór na nGael
Glór na nGael

Beidh na hócáidí ar siúl go dtí Dé Sathairn, 16 Lúnasa, agus is fíorshaoire í – gan aon ranganna ná teagasc foirmiúil.

Ina ionad sin, cuireann sí timpeallacht shuaimhneach, chairdiúil ar fáil ina labhraítear Gaeilge go nádúrtha trí chluichí, chruthaitheacht, eachtraíocht agus caidreamh teaghlaigh.

Eagraithe ag Glór na nGael, tá réimse leathan gníomhaíochtaí beartaithe don tseachtain – céilithe, spórt, scéalaíocht, ceardlanna ealaíne, drámaíocht, aireachas agus go leor eile – ar fad trí mheán na Gaeilge agus oiriúnach do gach aois.

Tabharfaidh gach lá deis nua do theaghlaigh spraoi a bheith acu le chéile, agus cuimhní cinn a chruthú i gceann de na ceantair Ghaeltachta is áille – Corca Dhuibhne.

Tacaíonn Glór na nGael an tSaoire Ghaeltachta le teaghlaigh Ghaeilge trí spás dearfach, fáiltiúil a chruthú ina bhfásann an Ghaeilge go nádúrtha – ní trí ranganna, ach trí thaithí bheo.

Agus beidh maidin chaife mar chuid de, ar an Aoine 15ú Lúnasa óna 11:30-13:00, ar son an Red Crescent sa Phalaistín. Beidh fáilte roimh chách freastal air.

Deir Glór na nGael go bhfuil siad bródúil as an gcur chuige nuálach seo a threorú – cur chuige a neartaíonn an teanga, an pobal agus an spraoi i saol na dteaghlach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram