

Tá fuadach (kidnap) an misinéir Éireannach Gena Heraty i Háítí ardaithe ag an Tánaiste Simon Harris le Kaja Kallas, Ardionadaí Gnóthaí Eachtracha agus Beartas Slándála an AE.
Tuairiscíodh freisin go bhfuil éileamh fuascailte (ransom) déanta ag an drong a thóg na gialla.

Tuigtear gur suim shuntasach airgid atá ann, agus go bhfuil sé thar acmhainní na heagraíochta.
Mar thoradh air sin, dúradh le comhghleacaithe na ngiall nach dócha go ndéanfar dul chun cinn suntasach maidir lena scaoileadh saor sna laethanta amach romhainn.
Is coitianta fuadaigh i Háítí, agus deir an Taoiseach go bhfuil gach iarracht á déanamh chun Ms Heraty a scaoileadh saor.
Dúirt an Tánaiste, freisin, go bhfuil Aire Gnóthaí Eachtracha Háítí, Harvel Jean-Baptiste, tar éis a thacaíocht a thabhairt le hiarrachtaí Gena a scaoileadh saor.
Bhí an misinéir i measc ochtar a gabhadh ag grúpaí armtha, lena n-áirítear leanbh trí bliana d’aois.
Tharla an fuadach in ionad cúraim do pháistí i Háítí atá faoi stiúir Ms Heraty atá as Cathair na Mart (Westport) ó dhúchas.
Tá an t-ionad á rith ag an eagraíocht dhaonnúil Nos Petits Frères et Sœurs (Na Deartháireacha agus Na Deirfiúracha Beaga), áit a bhfuil sí ag obair le breis agus 30 bliain.
Labhair an Tánaiste ar an nguthán leis an Aire Háítíoch agus dúirt sé gur chóir gach iarracht a dhéanamh chun Ms Heraty agus na daoine eile atá i ngéibheann a shaoradh.
Dúirt Cathaoirleach Bhoird Iontaobhaithe (Board of Trustees) NPH Éire, an eagraíocht a fhostaíonn Gena, go bhfuil iontas agus brón ar gach duine i ndiaidh an imeachta uafásaigh seo.
Luaigh sí go bhfuil meas mór ag pobail Háítí ar Ms Heraty mar gheall ar an obair chroíúil atá déanta aici.
‘Níl dabht ar bith ach go bhfuil Gena ag iarraidh aghaidh dhiongbháilte a chur os comhair gach duine — agus b’fhéidir fiú uirthi féin — le dul i ngleic leis an gcás,’ a dúirt an Cathaoirleach, Jessica Mullins le RTÉ. ‘Ach tá faitíos ann freisin.’
Mhínigh sí gur chaith Ms Heraty breis is 30 bliain ag obair i Háítí, in ainneoin na gcontúirtí móra a bhaineann leis an tír le blianta beaga anuas.

‘Is áit chrua í le bheith ag obair — agus le fás aníos inti — ach léiríonn Gena diongbháilteacht thar cuimse. Bíonn sí i láthair gach lá, is cuma cén chruatan atá roimpi.’
Dúirt Mullins: ‘Is duine iontach í, lán le grá, trua, agus dínit. Ceann de na daoine is neamhleithleacha (unselfish) a casadh orm riamh.’
Mhol sí muintir Háítí mar dhaoine lách agus flaithiúla, agus go bhfuil na gníomhaíochtaí coiriúla ó chuid de na dronga ag milleadh cáil na tíre. ‘Ach feiceann Gena an deis atá ann, agus creideann sí inti. Tá sí lonnaithe sa phobal go hiomlán agus tugann sí a cuid fuinnimh ar fad don obair.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.