

Tá Nicola Coughlan le príomhról a ghlacadh sa chéad eagrán eile den tsraith cháiliúil, I Am, ar Channel 4, a d’fhógair an craoltóir.
Is as Gaillimh í Coughlan, a bhfuil clú agus cáil uirthi as a cuid páirteanna i Derry Girls agus Bridgerton.
Beidh Coughlan le feiceáil sa scéal nua darb ainm I Am Helen, scéal in dhá chuid a chruthaigh sí i bpáirt le Dominic Savage, cruthaitheoir na sraithe.

Craoladh I Am den chéad uair i 2019, agus bhuaigh an tsraith gradam BAFTA ó shin.
Tá clú ar an tsraith as na heachtraí aonair ina ndírítear ar thaithí na mban, le scéalaíocht a mbíonn an t-aisteoir féin páirteach sa chruthú, agus go leor den dialóg á hathchruthú ar an láthair.
Bíonn gach eagrán curtha le chéile ag Dominic Savage in éineacht leis an bpríomhaisteoir.
I measc na n-aisteoirí a ghlac páirt sa tsraith roimhe seo tá Kate Winslet, Letitia Wright, Lesley Manville agus Samantha Morton.
‘Is mór an onóir dom a bheith páirteach sa chéad scéal eile de I Am, in éineacht le Dominic Savage – tallann uathúil agus scéalaí a bhfuil tiomantas fíor aige do thuiscint ar eispéireas na mban,’ a dúirt Coughlan.
‘Is aisteach ar fad dom a bheith ag leanúint i gcoiscéimeanna na mban iontach a d’oibrigh leis cheana, agus braithim fíorbhuíoch go bhfuilim ag dul ar an turas seo.’
Beidh Coughlan ag feidhmiú in éineacht leis an aisteoir Sasanach Joe Cole, a bhfuil aithne air as a pháirt le Cillian Murphy in Peaky Blinders agus as a róil i Gangs of London agus A Prayer Before Dawn.
Faoi láthair, níl Channel 4 fós tar éis dáta craolta a dheimhniú don chlár I Am Helen le Coughlan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.