

Tá dhá lá de chlúdach beo ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe i mBaile an Bhriotaigh ar TG4 – Dé hAoine agus Dé Sathairn.
Is é seo ceann de na buaicphointí i bhféilire spóirt na hÉireann agus tá siad ag súil le deireadh seachtaine lán le drámaíocht na rásaíochta capaill.

Craolfar gach ceann de na 16 rás ar feadh an dá lá beo ar TG4, agus ina measc beidh príomhrás an Aoine, an Guinness Handicap (6:35pm) a bhuaigh Nurburgring le JJ Slevin i 2024, agus buaicrás an tSathairn, an BoyleSports Handicap Hurdle (2:37pm) a bhuaigh The Wallpark anuraidh, capall ó stábla Gordon Elliott.
Beidh foireann Rásaí Beo TG4 i láthair le hanailís agus tráchtaireacht.
Beidh an clúdach faoi stiúir Seán Bán Breathnach in éineacht leis na hanailísithe Mánus Ó Conghaile agus Evelyn Ní Ghriallais.
Beidh Daragh Ó Conchúir agus Meghann Scully ag tuairisciú ón ráschúrsa agus Cárthach Bán Breathnach i mbun tráchtaireachta.
Beidh buaicphointí na féile, réamhamharc ar na rásaí agus ábhar eisiach ó chúl an stáitse ar fáil freisin ar ardáin meán sóisialta TG4.
5:00pm – The James’s Gate Irish EBF Median Auction Maiden
5:30pm – The Guinness Beginners Steeplechase
6:00pm – The Guinness Galway Blazers Handicap Steeplechase
6:35pm – The Guinness Handicap
7:10pm – The Guinness Irish EBF Fillies Maiden
7:40pm – The Arthur Guinness Handicap
8:10pm – The Rockshore Refreshingly Irish Race
8:40pm – The Hop House 13 Handicap
2:02pm – The BOYLE Sports Best Odds Guaranteed Maiden Hurdle
2:37pm – The BOYLE Sports Galway Tribes Handicap Hurdle
3:12pm – The BOYLE Sports Handicap Hurdle
3:52pm – The Whiriskey Refrigeration Irish EBF Maiden
4:27pm – The Bathshack Maiden
5:00pm – The Ardilaun Hotel Handicap
5:35pm – The McDonogh Capital Investments Handicap
6:05pm – The Salthill Hotel Irish EBF Mares Flat Race
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.