

Tá rabhadh tugtha ag an Dr Donal O’Shea, ceannaire cliniciúil náisiúnta ar otracht (obesity) leis an HSE, faoi na contúirtí a bhaineann le slushies do leanaí.
Dúirt sé go bhfuil gliocról i roinnt slushies atá ar fáil ar an margadh.

Úsáidtear gliocról mar fhrithreo(antifreeze) i ngluaisteáin, agus cuirtear é leis na slushies chun cáin siúcra a sheachaint.
‘Is é an gliocról a choisceann ar na slushies reo go hiomlán,’ a dúirt an Dr O’Shea. ‘Ba é an chéad fhrithreo (antifreeze) a úsáideadh i ngluaisteáin é, mar go laghdaíonn sé an pointe reo don uisce.’
Mhínigh sé: ‘Má fhaigheann inchinn óg an iomarca gliocról, is féidir leis an inchinn éirigh beagán níos lú. Úsáidtear é fiú i gcóireálacha leighis chun at (swelling) san inchinn a laghdú.
‘Ach má tharlaíonn sé seo i leanaí, d’fhéadfadh mearbhall, tinneas cinn, agus masmas (nausea) a bheith mar thoradh air. Níor cheart do pháiste ar bith slushies a ól.’
Tá dhá chineál slushy ar fáil faoi láthair: iad siúd a úsáideann gliocról, agus iad siúd a úsáideann méid an-mhór siúcra chun an deoch a choinneáil ó reo.
Dúirt an tOllamh O’Shea gur athraigh monaróirí ó shiúcra go gliocról ó tugadh isteach an cháin siúcra in 2018, chun praghsanna a choinneáil íseal.
‘Má tá tú chun slushy a ól agus tú i do pháiste, ba chóir go mbeadh sé gan gliocról. Ach ciallaíonn sé sin go mbeidh an-chuid siúcra ann, agus dá réir sin, an-chuid calraí,’ a dúirt sé.
‘Úsáidtear gliocról freisin chun an méid siúcra a laghdú agus an cháin a sheachaint – sin an fáth go bhfuil níos mó gliocról sna táirgí anois ná mar a bhí roimh an gcáin.’
‘Is féidir le haon rud a dhéanann dochar don inchinn agus a fhágann go n-éiríonn sé níos lú, iarmhairtí tromchúiseacha fadtéarmacha a bheith aige,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.