Tour de France Femmes le bean Éireannach Mia Griffin, beo ar TG4 gach lá

Beidh Mia Griffin san iomaíocht ar son na hÉireann sa Tour de France Femmes agus beidh sé beo ar TG4 gach lá ón Satharn, le tráchtaire Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn

Beidh ar a laghad bean amháin Éireannach san iomaíocht don Tour de France Femmes, a thosóidh ar an Satharn, agus beidh gach céim le feiceáil beo ar TG4.

Deimhníodh Dé Luain go bhfuil Mia Griffin as Cill Chainnigh, curadh náisiúnta na hÉireann, chun tabhairt faoin Tour den chéad uair.

Tour de France Femmes le Pádraic Ó Cuinn agus Páidí Ó Lionáird 
Tour de France Femmes le Pádraic Ó Cuinn agus Páidí Ó Lionáird 

Beidh Mia, atá 26 bliain d’aois, ag rothaíocht le foireann na hEilvéise, Roland Le Dévoluy.

Is í an chéad bhean Éireannach í atá fógartha go hoifigiúil don rás.

Craolfar gach céim de Tour de France Femmes avec Zwift beo ar TG4 thar naoi lá, agus é ag teacht ó gach cearn den Fhrainc.

Cuirfear tús leis an gclúdach Dé Sathairn, leis an gcéad chéim 78km ó Vannes go Plumelec sa Bhriotáin.


Tour de France Femmes Beo ar TG4

Lá & DátaCéimCúrsaTús craoltaDeireadh craoltaArdán
Dé Sathairn 26/071Vannes > Plumelec16:1518:45TG4 Beo
Dé Domhnaigh 27/072Brest > Quimper12:00:0014:30:30TG4 Beo
Dé Luain 28/073La Gacilly > Angers14:35:0017:05:30TG4 Beo
Dé Máirt 29/074Saumur > Poitiers14:3517:05TG4 Beo
Dé Céadaoin 30/075Jaunay-Marigny Futuroscope > Gueret14:3517:05TG4 Beo
Déardaoin 01/086Clermont-Ferrand > Ambert14:3517:05TG4 Beo
Dé hAoine 01/087Bourg En Bresse > Chambery14:3516:37TG4 Beo
Dé Sathairn 02/088Chambéry > Saint François Longchamp – Col de la Madeleine12:4016:50Beo Aip TG4 & Seinnteoir
Dé Domhnaigh 03/089Praz-sur-Arly > Châtel14:1518:20Beo Aip TG4 & Seinnteoir

Leanfar leis an gclúdach go dtí go mbainfidh siad an chéim dheireanach amach i Châtel Les Portes du Soleil in Alpa na Fraince Dé Domhnaigh an 3 Lúnasa.


Seo í an ceathrú bliain den leagan nua-aimseartha seo den Tour de France Femmes, a thosaigh in 2022, agus tá sé anois ar cheann de na hócáidí is mó le rá i bhféilire rothaíochta na mban.

Beidh trí chéim chothroma, dhá chéim sna cnoic, agus ceithre chéim sna sléibhte i gceist i mbliana, lena n-áirítear an dreapadh dian suas Col de la Madeleine, atá 2,000m ar airde, a bheidh le déanamh acu lá roimh an gcríoch mhór.

tour de femmes

Beidh tráchtaireacht bheo, leis an nGaeilge dár ndóigh, á cur ar fáil arís i mbliana ag Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn, agus jab iontach déanta acu le Tour de France na bhfear.

Beidh buaicphointí ó gach céim le feiceáil gach oíche ar TG4 freisin.

mial griffin deap
Mia Griffin

Is féidir gach eolas a fháil faoin rás agus faoin mbealach a bheidh an rás ag dul a fháil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an imeachta: CLICEÁIL ANSEO


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram