

Tá ceann de na bialanna is cáiliúla i mBaile Átha Cliath, Cleaver East, ag dúnadh a dhoirse i mí Lúnasa, tar éis breis is deich mbliana ag freastal ar chustaiméirí le bia den scoth.
Osclaíodh an bhialann den chéad uair i mBarra an Teampaill (Temple Bar) sa bhliain 2013, agus ó shin i leith, bhí an cócaire mór le rá, Oliver Dunne, ag cócaireacht do dhaoine clúiteacha agus gnáthchustaiméirí araon.

Dúirt an tUasal Dunne i ráiteas le déanaí go bhfuil deireadh tagtha le scéal Cleaver East mar cheann de na bialanna is fearr sa tír.
Dúirt sé: ‘Tar éis 12 bhliain lán le cuimhní sona, beidh Cleaver East ag dúnadh ar an Domhnach, 3ú Lúnasa 2025.
‘Tá sé seo ag tarlú mar gheall ar dhúnadh agus athchóiriú an óstáin The Clarence.’
Thug sé buíochas croíúil do na custaiméirí. Dúirt sé: ‘Go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht, dílseacht agus do bheith linn le blianta anuas. Ba mhór an onóir dúinn sibh a bheith inár gcomhluadar.’
Bhí Cleaver East i measc na mbialann ba nuálaí sa tír. Thugadar coincheapa nua go hÉirinn, cosúil le: biachlár le miasa beaga; bottomless brunch – bricfeasta/bróinse (brunch) gan teorainn ar dheochanna; night brunch, biachlár do dhaoine déanacha; oícheanta na mban agus go leor eile.
Dúirt an fhoireann go rabhadar an-bhuíoch as an obair chrua agus an díograis a léirigh a gcuid fostaithe ag an mbialann.
Dúirt siad: ‘Ba sibhse croí agus anam Cleaver East. Táimid an-bhródúil nach mbeidh aon bhall foirne fágtha ar lár. Tá gach duine athlonnaithe taobh istigh de Ghrúpa Bialainne Oliver Dunne.’
Bhí cáil ar leith ag baint leis an mbialann as an ‘Bottomless Brunch’, a d’éirigh ina shórt traidisiúin i mBaile Átha Cliath.
‘Thar na 12 bhliain seo caite, bhí aithne ag daoine ar ár mbia cruthaitheach, ár sheirbhís dhearfach, agus atmaisféar fuinniúil.
‘Tá áthas orainn a rá go leanfaidh an Bottomless Brunch ar aghaidh inár mbialann eile, Beef & Lobster i mBarra an Teampaill.’
Ach sula ndúnfar na doirse go buan, beidh ócáid dheireanach á reáchtáil ag Oliver agus a fhoireann.

‘Tugaimid cuireadh daoibh go léir teacht agus slán a fhágáil linn mar is ceart.
‘Beidh dinnéar á sheirbheáil ón gCéadaoin go dtí an Domhnach, agus beidh Bottomless Brunch ar fáil ag an deireadh seachtaine, go dtí agus lena n-áirítear Domhnach an 3ú Lúnasa.
‘Go raibh maith agat, a Bhaile Átha Cliath – b’eachtra álainn í.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.