Rialacha nua agus pionós dian ar chuideachtaí móra chun leanaí a chosaint ar líne

Beidh fíneálacha troma i ndán don chuid is mó de na cuideachtaí móra meán sóisialta má cheadaíonn siad do leanaí a bheith á ndrochídiú ar líne, faoi rialacha nua

Beidh Rialacha Meán Sóisialta Nua curtha i bhfeidhm in Éirinn chun páistí a chosaint

Caithfidh ardáin fhíse a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas Eorpach orthu bearta a chur i bhfeidhm chun aois úsáideoirí a dheimhniú.

Má theipeann orthu cloí leis na rialacha, féadfaidh siad fíneálacha móra a fháil – suas le €20 milliún nó 10% dá n-ioncam, cibé acu is mó
Má theipeann orthu cloí leis na rialacha, féadfaidh siad fíneálacha móra a fháil – suas le €20 milliún nó 10% dá n-ioncam, cibé acu is mó

Tá sé seo chun páistí a chosaint ar ábhar dochrach, cosúil le pornagrafaíocht agus foréigean.

Caithfidh na hardáin seo modhanna láidre a úsáid chun aois a fhíorú, agus caithfidh siad rialuithe do thuismitheoirí a chur ar fáil.

Má theipeann orthu cloí leis na rialacha, féadfaidh siad fíneálacha móra a fháil – suas le €20 milliún nó 10% dá n-ioncam, cibé acu is mó.

Tá na rialacha nua seo mar chuid den Chód Sábháilteachta Ar Líne, atá á chur i bhfeidhm ag Coimisiún na Meán, rialtóir na meán in Éirinn.

Baineann siad le hardáin cosúil le Facebook, Instagram, YouTube, agus TikTok, a bhfuil a gceanncheathrú Eorpach in Éirinn.

Ní bhaineann na rialacha nua le Snapchat, toisc nach bhfuil sé lonnaithe in Éirinn.

Ní mór do na hardáin córas a bheith acu le go mbeidh úsáideoirí in ann ábhar dochrach a thuairisciú, agus caithfidh na hardáin freagairt do na tuairiscí sin.

Tá na rialacha aoise seo mar chuid d’iarracht níos leithne chun timpeallacht níos sábháilte ar líne a chruthú do pháistí agus chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna cosúil le ciapadh ar líne, féinghortú, agus neamhoird itheacháin.

Tá na bearta seo ag teacht le hAcht Seirbhísí Digiteacha an AE agus rialacháin nua an AE maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne.

Dúirt Coimisiún na Meán nach leor a thuilleadh bosca a thiceáil ag rá go bhfuil duine os cionn 18 – caithfear fíorú ceart a dhéanamh.

Dúirt Philip Arneill, ceannasaí oideachais le CyberSafeKids, ar RTÉ: ‘Tá deireadh anois le féin-rialáil (self-regulance) ó chuideachtaí teicneolaíochta agus ardáin shóisialta.

‘Tá sé riachtanach anois go gcuirfí cosc ar uaslódáil agus ar roinnt ábhar atá toirmiscthe (prohibited), go háirithe rudaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhaoine óga – mar shampla ábhar faoi neamhord itheacháin, féinghortú nó féinmharú.’

Chomh maith leis sin, caithfidh rialuithe tuismitheora láidre a bheith ar fáil chun rochtain páistí a shrianadh, agus caithfidh sé bheith éasca tuairisc a thabhairt ar shárú.

Dúirt sé freisin go léiríonn taighde gur mó ná 84% de pháistí idir 8–12 bliain d’aois atá ar ardán meán sóisialta amháin nó níos mó.

Dúirt sé: ‘Mar sin is ar na hardáin seo atá an dualgas – cosúil le TikTok nó Instagram – bearta fíoraithe aoise a chur i bhfeidhm.’

Luaigh sé gur thuill Meta breis is $134 billiún (€115 billiún) i mbrabús glan anuraidh.

‘Is minic a deirtear go bhfuil sé deacair. Ach tá páistí 10 nó 11 bliana d’aois cliste go leor chun aois bhréagach a chur isteach,’ a dúirt sé.

‘Ní féidir a shamhlú nach bhfuil na hacmhainní, an tallann ná an cumas ag na cuideachtaí seo chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm.

Ní bhaineann na rialacha nua le Snapchat, toisc nach bhfuil sé lonnaithe in Éirinn
Ní bhaineann na rialacha nua le Snapchat, toisc nach bhfuil sé lonnaithe in Éirinn

‘Ní thuigtear cén fáth a ndéanfaí an fhreagracht a chur ar thuismitheoirí nó ar mhúinteoirí.

‘Tá an fhreagracht anois ar na cuideachtaí féin. Tá siad iallach anois é a dhéanamh.’

Dúirt sé: ‘Ba mhaith linn go ndéanfaí athbhreithniú ar seo tar éis 12 go 24 mí, le fáil amach an bhfuil sé ag obair.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram