D’fhoilsigh gníomhairí rialtais Mheiriceá grianghraif bhréige le sásair eitilte chun a n-airm rúnda a cheilt

Cleas a bhí i bpictiúir le sásair eitilte, ag Aerfhórsa na Stát Aontaithe chun a ghníomhaíocht mhíleata a cheilt

Chuir rialtas na Stát Aontaithe íomhánna bréige le sásair eitilte iontu ar fáil do phobal Mheiriceá le linn an Chogaidh Fhuair.

Ba chuid de scéim de chuid Roinn Cosanta na Stát Aontaithe na grianghraif de na sásair eitilte. Bhí siad ag iarraidh teoiricí comhcheilge (conspiracy theories) a scaipeadh, chun a gclár arm rúnda a cheilt, de réir tuairisce oifigiúla ó rialtas Mheiriceá.

Bhí na grianghraif de na sásair eitilte greamaithe go tapa ar bhalla an bheáir
Bhí na grianghraif de na sásair eitilte greamaithe go tapa ar bhalla an bheáir

Dhírigh an feachtas d’aon ghnó chun nuacht bhréige a scaipeadh ar Limistéar 51 – Nevada – bonn rúnda Aerfhórsa atá fós ag mealladh teoiricí comhcheilge faoi eachtrannaigh (aliens) le blianta fada.

De réir thuarascáil an Pentagon féin, a scríobhadh anuraidh, thug sean coirnéal aerfhórsa pictiúir le sásair eitilte ann do phátrúin ag beár in aice láimhe sna 1980idí, ag maíomh gur tógadh iad sa cheantar.

Bhí na grianghraif de na sásair eitilte greamaithe go tapa ar bhalla an bheáir, ag scaipeadh tuairimíocht phoiblí go raibh teicneolaíocht eachtrannach á staidéar san áit.

B’iarracht é seo chun ráflaí a bhí ann cheana féin a úsáid chun tástáil mhíleata a cheilt, lena n-áirítear scairdeitleáin trodaí, de réir tuairisc sa Wall Street Journal.

D’fhan Area 51, a bunaíodh i 1955, den chuid is mó faoin radar go dtí 1989 nuair a bhí an ‘whistleblower’ Robert Lazar le feiceáil ar theilifís Mheiriceá ag maíomh go raibh sé ag obair ag saoráid i bhfolach in aice leis an mbonn, ar spásárthach eachtrannach (alien spacecraft).

Go dtí an lá atá inniu ann, insíonn teoiricithe comhcheilge scéalta faoi scrúdaithe iarbháis eachtardhomhanda in Area 51.

Sin in ainneoin gur nocht doiciméad dírithe CIA i 2013 gur talamh tástála rúnda a bhí ann don eitleán spiaireachta U-2 agus don scaird taiscéalaíochta A-12.

Nochtann tuarascáil nua an Pentagon freisin go raibh oifigigh ardrang Aerfhórsa ar an eolas faoi thionscadal bréige rúnda darb ainm ‘Yankee Blue’ a bhain le staidéar ceaptha ar spásárthach eachtrannach.

Tugadh grianghraf de rudaí a d’fhéach cosúil le sásair eitilte. Ní go dtí 2023 a d’ordaigh oifig rúnaí cosanta na Stát Aontaithe stop a chur leis an gcleachtas láithreach.

Dhírigh an feachtas d'aon ghnó chun nuacht bhréige a scaipeadh ar Limistéar 51
Dhírigh an feachtas d’aon ghnó chun nuacht bhréige a scaipeadh ar Limistéar 51

Is í an Oifig um Réiteach Aimhrialtachta Uile Fhearainn (AARO), tascfhórsa a cruthaíodh i 2022 chun ráflaí faoi thionscadail rúnda rialtais a bhaineann le teicneolaíocht eachtrannach a imscrúdú.

Chuaigh baill fhoirne ag AARO i dteagmháil le saighdiúirí Aerfhórsa atá ar scor anois mar chuid dá gcuid taighde agus dúirt siad go raibh iontas orthu go raibh Yankee Blue falsa.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram