

Tá roinnt Feisirí Eorpacha ag iarraidh cosc a chur ar tháirgeoirí bia feoilséantach (vegetarian) agus vegan as focail ar nós ‘ispíní’, ‘burger’ agus ‘schnitzel’ a úsáid chun a gcuid táirgí a dhíol.
Deir feirmeoirí go bhfuil díoltóirí bia feoilséantach ag cur a gcustaiméirí amú.

Mar sin féin, tá na feoilséantóirí tar éis freagra a thabhairt trí cheist a chur: Cén chaoi a bhfuil sé míthreorach táirge a bheith agat ar a dtugtar, ‘veggie burger’.
Tá stocaireacht (lobby) láidir ag tionscail na feirmeoireachta agus na feola san Aontas Eorpach agus ní féidir táirgí neamh-dhéiríochta a chur síos mar bhainne agus cáis cheana féin.
Tá an Coimisiún Eorpach ag dréachtú rialacha nua a chlúdaíonn talmhaíocht agus tá roinnt Feisirí Eorpacha ag baint úsáide as seo chun taobh a ghlacadh leis na feirmeoirí agus na cuideachtaí móra feola i gcoinne táirgeoirí bia feoilséantach.
Dúirt uachtarán Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA), Denis Drennan, go bhfuil téarmaí traidisiúnta feirmeoireachta á ‘fuadach’, de réir tuairisce san Irish Times.
Dúirt sé gur gníomh ‘d’aon ghnó agus ciniciúil’ atá i gceist.
Tá an Feisire Eorpach Francach Céline Imart ag moladh chosc ar théarmaí traidisiúnta ar lipéadú do tháirgí plandaí-bhunaithe.

Is í seo an tslat is déanaí sa chath fada idir feirmeoirí, a n-ionadaithe, an Coimisiún agus táirgeoirí bia feoilséantach.
Tá rialú déanta ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa gur féidir le bianna plandaí-bhunaithe téarmaí a bhaineann go traidisiúnta le feoil a úsáid a luaithe nach gcuirtear tomhaltóirí amú.
Mar sin féin, tá rialú déanta ag an gcúirt freisin i gcoinne ‘bainne coirce (oat milk)’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.