An bhfuil easpa bród ag fir spóirt cáiliúla faoina ngnéasacht? Clár TG4 le David Gough

Tá feabhas mór tagtha do bhaill an phobail LADTAI+  in Éirinn, ach cén fáth nach bhfuil an oiread sin daoine spóirt fós in ann a bheith bródúil astu féin?

Bhí an clár faisnéise, Misneach: Bród sa Spórt, ar TG4 le déanaí, agus tá sé ar fáil ar an Seinnteoir, leis an réiteoir clúiteach CLG David Gough.

Labhraíonn David, atá bródúil, ar a thaithí féin mar fhear atá homaighnéasach agus le daoine eile den phobal LADTAI+ faoi chúrsaí spóirt go ginearálta in Éirinn agus faoin CLG.

Bród: David Gough le Malahide Rugby
Bród: David Gough le Malahide Rugby

Tá athrú tagtha ar an saol in Éirinn ó na laethanta a breathnaíodh ar dhaoine mar choirpigh agus go raibh brú orthu a bheith náireach mar gheall ar a ngnéasacht. Tá níos mó bród ann anois.

Ach ní chiallaíonn sé sin nach fadhb fós é a bheith i do bhall den phobal LADTAI+, go háirithe do lúthchleasaithe cáiliúla fireanna.

Cé mhéad réalta idirnáisiúnta rugbaí agus sacair, agus réalta CLG, a bhraith compordach a rá go bhfuil siad aerach agus bródúil as.

Cén fáth a bhfuil eagla orthu é sin a dhéanamh?

David Gough le Máire Ní Bhraonáin
David Gough le Máire Ní Bhraonáin

Scrúdaíonn an clár faisnéise seo an cheist sin. Tá tuairimí ann ó lucht spóirt, chomh maith le saineolaithe eile faoin easpa bród.

Tosaíonn David amach ar a thuras agus an-fhonn air labhairt le lúthchleasaithe iomráiteacha fir i saol spóirt na hÉireann ach is léir, tar éis dó bleid a bhualadh ar imreoirí clúiteacha in eagraíochtaí éagsúla spóirt, go bhfuil daoine i gcónaí nach é seo an t-ábhar cainte is fearr leo.

Déanann David a bhealach chuid dhá chlub spóirt in aice láimhe, Cumann Rugbaí Mhullach Íde agus na Gaeil Óga, go gcloisfidh sé faoin taithí phearsanta ag roinnt imreoirí ar shaol an spóirt nach gceileann gur homaighnéasaigh iad.

Buaileann David le Valerie Mulcahy, a bhfuil boinn Chraobh na hÉireann buaite aici, agus le hAisling Maher, Captaen fhoireann camógaíochta Bhaile Átha Cliath chun plé a dhéanamh ar an tábhacht atá le ceap aithrise maidir le roinnt den ábhar aithise a mhaolú.

David Gough agus na Gaeil Óga
David Gough agus na Gaeil Óga

Admhaíonn Tom Parsons, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael agus iarimreoir idirchontae, gur mó go mór a d’fhéadfaí a dhéanamh taobh istigh d’eagraíochtaí spóirt ionas gur mó lánpháirtíochta a bhainfeadh leis an spórt eagraithe.

Leagann Moninne Griffith, Príomhfheidhmeannach BeLong To, béim ar an tábhacht atá le comhghuaillíocht agus an gá atá le seasamh lenár gcomhimreoirí LADTAI+ atá bródúil.

Míníonn Keith Begley, Síceolaí Spóirt, staitisticí ar ábhar buartha iad agus pléann Máire Ní Bhraonáin, láithreoir clár spóirt, a ré imeartha féin agus na difríochtaí suntasacha idir fir agus mná i gcúrsaí spóirt.

Tá athrú mór ar shaol na hÉireann le tamall de bhlianta anuas ach an bhfuil gach spórt seanbhunaithe sa tír sásta glacadh leis an athrú sin?

Misneach – Bród sa Spórt ar Sheinnteoir TG4


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram