

Deir Foras na Gaeilge gur fiú go mór iad an deis agus an dúshlán a bhaineann le forbairt na h-intleachta shaorga (AI) chun tacú le pleanáil teanga.
Bhí baill den Fhoras ag labhairt le ag labhairt le Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt agus dúirt siad go bhfuil ré na h-intleachta shaorga (AI) linn agus go mbeidh sí fréamhaithe i mórán chuile ghné den saol oibre sna blianta beaga atá amach romhainn.

Tá uirlisí uile na teicneolaíochta intleachta shaorga (AI) faoi thionchar oiliúna an Bhéarla i láthair na huaire mar sin tá gá bunchloch láidir a leagan síos don Ghaeilge.
Gan an obair sin i dtaobh le forbairt na h-intleachta shaorga (AI), a deir an Foras, tá baol ann nach mbeidh an Ghaeilge ábhartha mar theanga in earnálacha oibre éagsúla amach anseo.
Tá obair ar bun ag Údarás na Gaeltachta le forbairt na h-intleachta shaorga (AI) le h-os cionn bliain anuas agus tá trí mhór ghníomh i gceist. Siad sin: corpas poiblí a chruthú d’fhorbróirí teicneolaíochta ionas go mbeidh ‘rogha Gaeilge’ ar fáil dóibh; níos mó áiseanna digiteacha dátheangacha a chur ar fáil don na seirbhísí poiblí; agus an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na n-ollchomhlachtaí intleachta shaorga (AI).
Maidir le tionscnaimh teanga ar fud na tíre, dúirt Foras na Gaeilge go bhfuil 28 Plean Teanga in áit le 33 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe agus go mbeidh siad sin ag leanúint ar aghaidh ar feadh seacht mbliana eile.
Trasna na nGaeltachtaí bhí 2,214 páiste ag freastal ar 135 seirbhís luathbhlianta anuraidh. Bhí 104 duine fostaithe faoi Scéim na gCúntóirí Teanga agus 36 club óige faoi chúram Mhuintearas fo-chomhlacht do chuid an Údaráis. Tá 88 teagascóir fostaithe ag fo-chomhlacht eile, Ealaíon na Gaeltachta atá ag tacú 4,983 duine óg atá ag foghlaim ceol dúchasach trí Ghaeilge.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.