

Tá bialann Black Tap i SoHo, Londain, tar éis deoch nua a sheoladh — ‘Guinness milkshake’ — agus deir siad gurb é seo an chéad milkshake dá leithéid ar domhan.
Sa milkshake nua, cuirtear leath phionta Guinness le huachtar, seacláid, cáca, agus uachtar reoite.

Cuirtear seacláid le h-imeall an ghloine, agus maisítear le h-uachtar, brownie, agus píosa cáca Guinness.
Dóibh siúd nach n-ólann alcól, tá leagan 0.0% ar fáil freisin, ionas gur féidir le gach duine triail a bhaint as.
Tá an milkshake le fáil i mbialanna Black Tap i SoHo agus Stratford, Londain.
Osclaíodh Black Tap a chéad bhialann i Londain i mí na Samhna anuraidh, agus d’oscail an dara ceann i Stratford i mbliana.

Tá Black Tap clúiteach as a mbeoracha ceirde, agus a milkshakes aisteacha, ach an é Guinness milkshake céim ró-fhada?
Roinn leathanach Hot Dinners grianghraf den Guinness milkshake, agus dúirt siad: ‘B’fhéidir gurbh fhearr é a roinnt le beirt mar nár éirigh linne é a chríochnú!’
Bhí tuairimí éagsúla ag daoine faoi. Dúirt duine amháin: ‘Tá sé sin coir!’ agus dúirt duine eile: ‘Bheifeá gafa in Éirinn dá n-ólfa tú é sin!’
Ach bhí daoine eile sásta triail a bhaint as an Guinness milkshake. Scríobh duine: ‘Caithfidh mé é a bhlaiseadh!’ agus dúirt duine eile: ‘Ba bhreá liom é a thriail. Wow!’

Tá Black Tap lonnaithe i SoHo agus Stratford, Londain. Má tá dúil agat i Guinness, seans go dtaitneoidh an Guinness milkshake leat. An dtriailfeá é?
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.