Coinníonn Guinness óg agus sláintiúil mé, a deir Kathleen Hennings, atá 105 bliain d’aois.
Ní raibh uaithi ach a phionta nuair a bhí sí ag ceiliúradh a 105 breithlá le déanaí, a dúirt Kathleen Hennings, a bhfuil cónaí uirthi i dteach cúraim.
Ní aontaíonn saineolaithe leighis léi, ach éilíonn Kathleen go gcoimeádann a pionta í aclaí.
Deir sí is de bharr an Guinness go raibh saol fada aici, agus í ag ceiliúradh an ócáid trí thaitneamh a bhaint as pionta an ‘black stuff’.
Nuair a fiafraíodh di, as a leideanna maidir le saol fada, comhlíonta agus sláintiúil, mhol Kathleen do dhaoine eile: ‘Guinness a ól … agus ná pósadh.’
D’fhás Kathleen suas i mBrixton i ndeisceart Londain agus d’oibrigh sí mar chuntasóir.
Tá cónaí uirthi anois i dTeach Cúraim Sandsfields Care UK, i nGloucestershire.
Bhí cónaí uirthi i Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda agus deir sí go bhfuil grá mór aici de Guinness ó bhí sí 18 mbliana d’aois – mar a bhí ag a tuismitheoirí.
‘D’ól muid go léir Guinness sa bhaile. Thaitin sé linn go léir agus is maith liom fós é,’ a dúirt sí.
‘Thug mo thuismitheoirí é dom ar dtús, agus mé i mo dhéagóirí déanacha, agus d’ól an bheirt acu go rialta sa bhaile é.’
Mar sin, don triúr acu, agus dá deartháir níos sine Charlie freisin, ba ghearr go raibh sé mar rogha na ndeochanna ag an teaghlach ag am béilí.
‘Tá mé á ól go dtí an lá inniu,’ a dúirt sí.
Agus chun a breithlá a cheiliúradh, d’eagraigh foireann a teach cúraim cóisir speisialta do Kathleen, ina raibh císte lá breithe a rinne príomhchócaire an tí.
Tar éis ceiliúradh a lá breithe, dúirt sí go raibh sé ‘chomh deas’ cairde agus comharsana a fheiceáil ag teacht le chéile don ócáid, agus dúirt sí go raibh sí millte acu.
Níl! Sin an freagra ceart. Féadann alcól a bheith taitneamhach ar ócáidí sóisialta ach is leor beagán de.
Cinnte, féadann snáithín (fibre) agus iarann a bheith ann, ach is féidir iad seo a fháil i mbianna sláintiúla freisin.
Agus ní raibh an frása ‘Guinness is Good for You’, ar tháinig an-tóir air sna 1920idí, nuair a bhí Kathleen ina cailín óg, bunaithe ar fhianaise eolaíoch go raibh aon tairbhí sláinte ag baint leis.
Ina áit sin, tháinig an t-éileamh ó agallaimh le daoine i dtithe tábhairne a dúirt gur bhraith siad níos fearr tar éis cúpla pionta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.