Cáin Easpaig na hÉireann an ‘chinedhíothú’ i nGaza

D’iarr Easpaig Chaitliceacha na hÉireann ar an bpobail brú a chur ar a bpolaiteoirí áitiúla chun deireadh a chur le soláthar arm d’Iosrael mar gheall ar ‘chinedhíothú’ i nGaza

Rinne Easpaig Chaitliceacha na hÉireann cáineadh láidir ar Rialtas Iosrael, ag cur síos ar a ngníomhartha sa Stráice Gaza mar ‘chinedhíothú’ agus ‘glanadh eitneach’.

I ráiteas a d’eisigh Comhdháil Easpaigh Caitliceach na hÉireann, iarradh go gcuirfí deireadh le soláthar arm d’Iosrael, agus moladh do phobal na hÉireann brú a chur ar a bpolaiteoirí áitiúla.

Dúirt na hEaspaig go bhfuil sé i gceist ag gach paróiste ar oileán na hÉireann a ndlúthpháirtíocht a léiriú leis an bpobal Palaistíneach i rith mhí an Mheithimh.

Dúirt siad: ‘I nGaza tá daoine ag fáil bháis den ocras agus tá cabhair á dhiúltú dóibh; is léir go bhfuil an gorta á úsáid mar arm cogaidh.

Dúirt na hEaspaig go bhfuil sé i gceist ag gach paróiste ar oileán na hÉireann a ndlúthpháirtíocht a léiriú leis an bpobal Palaistíneach i rith mhí an Mheithimh
Dúirt na hEaspaig go bhfuil sé i gceist ag gach paróiste ar oileán na hÉireann a ndlúthpháirtíocht a léiriú leis an bpobal Palaistíneach i rith mhí an Mheithimh

‘Tá os cionn 600,000 Palaistíneach díláithrithe cheana féin. Taispeánann an fhianaise go bhfuil straitéis chéimnithe ann chun daoine a bhaint óna dtithe agus a dtír dhúchais,’ a dúirt na heaspaig.

Dúirt siad: ‘Tá sé ag éirí níos soiléire do dhaoine ar an talamh go bhfuilimid ag feiceáil gníomhartha cinedhíothachaa bhfuil cead tugtha dóibh ag Rialtas Iosrael.’

De réir Aireacht Sláinte Gaza, tá níos mó ná 55,000 Palaistíneach marbh mar thoradh ar fheachtas míleata Iosrael le 20 mí anuas.

Tá cuid mhór de Gaza scriosta go hiomlán agus tá timpeall ar 90% den daonra díláithrithe – cuid acu arís is arís eile.

Bhí faitíos ann faoi ghorta mar gheall ar an mbacphointe (blockade) ar chabhair a chuir Iosrael i bhfeidhm tar éis don sos cogaidh le Hamas briseadh síos.

Ina dhiaidh sin, bhunaigh na hIosraeilítigh agus na Meiriceánaigh a n-eagraíocht dáileacháin bia féin, eagraíocht a cáineadh as a chur iallach ar dhaoine ocracha teacht le chéile ag ionaid ina raibh lámhach déanta orthu.

Dúirt na heaspaig: ‘Is é atá ag tarlú ná bás na mílte sibhialtach, go leor acu ina mná agus ina bpáistí.

‘Tá sé seo mí-eiticiúil agus mídhleathach. Níor cheart do cheannairí domhanda suí siar gan aon ghníomh a dhéanamh agus an tragóid seo ag titim amach,’ ’ a dúirt na heaspaigh.

D’iarr siad ar dhaoine tacú le cabhair dhaonnúil, paidir a rá, agus brú a chur ar lucht ceannais le deireadh a chur leis an gcogadh.

Luaigh siad na focail ó Phápa Leo XIV ar 28 Bealtaine: ‘Tá tuismitheoirí i nGaza ag coinneáil corp marbh a bpáistí agus iad á gcur as áit go háit ag lorg bia agus dídean ó bhuamáil. Iarraim ar na ceannairí: sos cogaidh, saoirse do na gialla, agus meas iomlán ar dhlí dhaonnúil.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram