Kneecap tar éis ‘dream team’ de dlíodóirí a sheoladh do chás Mo Chara, Dé Céadaoin

16/06/2025

Beidh Mo Chara as Kneecap os comhair na cúirte sa Bhreatain Dé Céadaoin agus beidh ‘dream team’ de dlíodóirí, a sheas ar son na cearta thar na blianta, ar a shon

Tá Kneecap tar éis na hainmneacha a chur os comhair an phobail do na dlíodóirí a bheidh ag cosaint Mo Chara – nó Liam Óg Ó hAnnaidh – agus é le teacht os comhair cúirte i Londain Dé Céadaoin. 

Tá sé cúisithe faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain, tar éis dó bratach Hezbollah a thaispeáint ag ceolchoirm.

Mo Chara
Mo Chara

Má fhaightear ciontach é, d’fhéadfadh an ball de Kneecap sé mhí i bpríosún agus fíneáil a fháil.

D’fhéadfadh an cás tionchar mór a bheith ag Kneecap freisin ar a gcumas dul ar chamchuairt, mar tá an baol ann nach mbeadh cead ag Mo Chara taisteal chuig tíortha áirithe.

Mar sin féin tá ‘foireann aislingeach (dream team)’ dhlí fógartha ag Kneecap, a chuimsíonn saineolaithe a bhí bainteach le cásanna móra le blianta beaga anuas.

Tá Blinne Ní Ghrálaigh ar an bhfoireann, dlíodóir a bhfuil cáil uirthi i réimse chearta an duine.

Bhí sí le feiceáil i gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ag cur cás na hAfraice Theas chun cinn in aghaidh Iosrael i gcás cinedhíothúin Gaza.

Blinne Ní Ghrálaigh
Blinne Ní Ghrálaigh

Tá Darragh Mackin ann freisin, a rinne ionadaíocht roimhe seo ar Kneecap nuair a thug siad cás i gcoinne rialtas na Breataine tar éis maoiniú ealaíon a bheith curtha ar ceal.

Rinne sé ionadaíocht freisin do theaghlaigh na ndaoine a fuair bás i dtine Stardust.

Ar an bhfoireann freisin tá Gareth Peirce, atá 85 bliain d’aois, agus atá clúiteach as a cuid oibre ar son an Birmingham Six agus an Guildford Four — daoine a ciontaíodh go héagórach sna 1970idí.

D’oibrigh sí freisin le Julian Assange ó WikiLeaks.

Kneecap
Kneecap

Is speisialtóir i gcásanna sceimhlitheoireachta í Brenda Campbell, agus tá Rosalind Comyn, a chosain lucht agóide Just Stop Oil, páirteach.

Rachaidh Jude Bunting, saineolaí ar shaoirse cainte, leis an bhfoireann freisin ar son an bhaill de Kneecap.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram