Imní faoi úsáid drugaí ‘weight-loss’, cosúil le Ozempic

03/06/2025

Thug an Teachta Dála Carol Nolan foláireamh faoi úsáid drugaí ‘weight-loss’ mar Ozempic

Tá imní mhór faoi úsáid drugaí do chaillteanas meáchain (weight-loss), cosúil le Ozempic, curtha in iúl ag an HSE.

Agus anois tá an cheist ardaithe ag Teachta Dála, chun daoine a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann leis na drugaí a úsáid gan chomhairle leighis.
Thug an Health Products Regulatory Authority (HPRA) rabhadh práinneach le déanaí faoi úsáid mhícheart a lógó féin ar shuímh a bhfuil ag iarraidh leagan bréagach de ‘semaglutide (cosúil le Ozempic)’ agus drugaí eile a dhíol.

Carol Nolan
Carol Nolan

Thug tuairisc RTÉ Investigates i mí na Nollag seo caite le fios go mbíonn na drugaí seo le fáil i margaí dubha ar fud na hÉireann.

Léiríodh gur fadhb mhór atá ann, le cógais a bhfuil foinsí anaithnid acu – cosúil le pinn mheáchain caillteanas (weight-loss pens) ó Thuirc  – á bhfógairt go hoscailte ar na meáin shóisialta le drugaí eile.

I litir chuig an HSE, chuir an Teachta Dála neamhspleách, Carol Nolan ceist faoi úsáid Ozempic.

Dúirt foinse amháin: ‘Tá sé coitianta agus éasca é a fáil. Is minic a úsáidtear é mar nasc idir máthair agus iníon roimh bhainis nó saoire.’

D’fhreagair bainisteoir ón HSE, Ann Horgan, ag rá go raibh an clár náisiúnta don otracht (obesity) ag déanamh monatóireachta ar eolas idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht agus éifeacht an leighis seo.

Luaigh sí freisin gur fhreastail an HSE ar an gComhdháil Eorpach ar Otracht (obesity) i Malaga an mhí seo caite, áit ar phléadh úsáid na gcógas sin.

Dúirt an HPRA go bhfaca siad méadú mór ar shuímh ghréasáin bréagacha i mí na Bealtaine amháin, agus gur fhógair siad go díreach do thomhaltóirí trí fhógraí bréige ar Facebook.

Léiríodh gur fadhb mhór atá ann, le cógais a bhfuil foinsí anaithnid acu – cosúil le pinn mheáchain caillteanas (weight-loss pens) ó Thuirc  – á bhfógairt go hoscailte ar na meáin shóisialta le drugaí eile
Léiríodh gur fadhb mhór atá ann, le cógais a bhfuil foinsí anaithnid acu – cosúil le pinn mheáchain caillteanas (weight-loss pens) ó Thuirc  – á bhfógairt go hoscailte ar na meáin shóisialta le drugaí eile

Tá na suímh á n-óstáil thar lear ar ardáin cosúil le Shopify.

Thug an Teachta Nolan foláireamh faoi na drugaí don phobal: ‘Ba cheart do gach duine a bhfuil suim acu in Ozempic dul i gcomhairle le daoine proifisiúnta san earnáil leighis amháin.

‘Tá contúirtí ann agus ní féidir neamhaird a dhéanamh orthy.’ 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram