Greta Thunberg ag cabhrú le muintir Gaza agus geansaí cáiliúil Bhaile Átha Cliath á chaitheamh aici

03/06/2025

Chonacthas Greta Thunberg ag caitheamh geansaí ag tacú le Bohs agus le Fontaines DC agus í ar mhisean chun cabhrú le muintir Ghaza.

An dtacaíonn Greta Thunberg le ceann de chlubanna sacair is mó tóir i mBaile Átha Cliath?

Bhí an cuma sin uirthi nuair a tógadh pictiúr di ar bord an bháid Madleen, ag tabhairt cúnaimh go Gaza.

Bhí Thunberg, gníomhaí aeráide cáiliúil, le feiceáil ag caitheamh geansaí speisialta de chuid Bohemian FC.

Rinne Thunberg físeán gearr ar na meáin shóisialta, agus í ag caitheamh tríú geansaí an chlub, atá urraithe ag an mbanna Fontaines DC.

Bhí an geansaí mar chuid d’fheachtas tiomsaithe airgid do Ghaza.

Sheol an Madleen ó Shicil Dé Domhnaigh.

Tá 12 duine ar bord, lena n-áirítear Thunberg agus an t-aisteoir Game of Thrones Liam Cunningham.

Tá Thunberg agus Cunningham agus na daoine eile ag roinnt a dturais ar líne, le súil feasacht a ardú faoin ngéarchéim dhaonnúil i Gaza.
Tá Bohemian FC, ar a dtugtar ‘Bohs’ go minic, gníomhach go poiblí i gcúrsaí daonnúla. Anuraidh, chuir foireann sinsir na mban fáilte roimh fhoireann idirnáisiúnta na Palaistíne i bPáirc Chnocán Uí Dhálaigh (Dalymount Park).

Greta Thunberg ag caitheamh bratach na Palaistíne
Greta Thunberg ag caitheamh bratach na Palaistíne

Tá Daniel Lambert, Oifigeach Feidhmiúcháin an chlub, ina bhainisteoir ar an mbanna Kneecap, a léiríonn tacaíocht leanúnach do chúiseanna sóisialta.

De réir a chéile, tá daoine ar nós Greta, Cunningham, Kneecap agus go leor eile ag ardú feasachta ar fhulaingt mhuintir Gaza.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram