

Ba í Stoirm Éowyn ceann de na stoirmeacha is measa a tháinig riamh go hÉirinn – agus mar thoradh air sin, rinneadh cáineadh láidir ar fhreagairt an Rialtais.
Léiríonn figiúirí nua atá foilsithe ag an tsraith imscrúdaithe TG4, 7Lá, cé chomh dona is a bhí an damáiste ar fud na tíre, agus na contaetha a raibh an tionchar is mó orthu.

Ba as Contaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a tháinig breis is 50% de na hiarratais ar chúiteamh i ndiaidh Stoirm Éowyn.
De réir na bhfigiúirí a chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil do 7Lá, cláraíodh 93,007 iarratas i leith 75,733 duine, le luach €12.8 milliún orthu, faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil.
Osclaíodh an scéim sin i ndiaidh an damáiste mhóir a rinne Stoirm Éowyn i mí Eanáir na bliana seo.
Ag an am dúirt Cumann Feirmeoirí na hÉireann (IFA) nach bhféadfadh an stoirm teacht ag am níos measa agus go mbeadh cúnamh ón rialtas de dhíth ó tháirgeoirí le bia a sholáthrú d’ollmhargaí agus gnólachtaí.
Ag pointe amháin áfach, bhí 768,000 cuisliméirí de chuid an ESB gan chumhacht de bharr Stoirm Éowyn.

Dúirt an tAire Tithíochta James Browne: ‘Ní fhacthas freagra mar seo riamh ar an stoirm stairiúil seo agus tá an rialtas ag déanamh a sheacht ndícheall le cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt agus chun a seirbhísí a dheisiú chomh sciobtha is gur féidir.’
Ach fós féin, cáineadh an Rialtas go láidir as an moill ar an bhfreagairt, in ainneoin na rabhaidh láidre a tugadh sular tháinig Stoirm Éowyn.

Is as Gaillimh a tháinig an líon is mó iarratas, is é sin 30,592 iarratas, agus is í Contae Mhaigh a tháinig ina dhiaidh sin – le 17,303 iarratas, agus bhí Ros Comáin ina dhiaidh sin arís le 8,702 iarratas.
Tá cinneadh déanta i leith 22,149 iarratasóir nach bhfuil íocaíocht déanta fós maidir leis an damáiste a rinne Stoirm Éowyn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.