

Tá cead faighte ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Harris, ón Rialtas le reachtaíocht a dhréachtú a chuirfeadh cosc ar thrádáil le hearraí ó lonnaíochtaí Iosraelacha mídhleathacha i gcríocha Palaistíneacha.
In áit dul ar aghaidh le Bille na gCríocha Gafa a mhol an Seanadóir Frances Black i 2018, roghnaigh an Rialtas dlí úrnua a fhorbairt bunaithe ar mholadh ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ).

Dúirt an ICJ mí Iúil seo caite go mba chóir do thíortha céimeanna a ghlacadh chun deireadh a chur le trádáil agus infheistíocht a chothaíonn na lonnaíochtaí atá mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta.
Dúirt an tUasal Harris go bhfuil bealach dlíthiúil ann chun cosc a chur ar thrádáil earraí, cé nach bhfuil sé soiléir fós conas an rud céanna a dhéanamh i gcás seirbhísí.
Mheas sé gurb í Éire an chéad tír sa domhan thiar a dhéanfaidh a leithéid de reachtaíocht agus go spreagfadh sé tíortha eile chun a gcosán céanna a leanúint.
Cé go bhfuil an trádáil idir Éire agus na críocha faoi chois sách beag, dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil gur céim shiombalach thábhachtach í an toirmeasc.
I dtaobh Bille Shinn Féin a mholann cumhacht a thabhairt don Aire Airgeadais smachtbhannaí a chur ar urrúis ó Iosrael, thug beirt Theachta Dála Neamhspleácha a thacaigh leis an Rialtas – Barry Heneghan agus Gillian Toole – tacaíocht don Bhille.
Chuirfeadh sé cosc ar Bhanc Ceannais na hÉireann an réamheolaire (prospectus) a cheadú a cheadaíonn d’Iosrael bannaí a dhíol san Aontas Eorpach.
Thug Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus roinnt Teachtaí Dála Neamhspleácha tacaíocht don Bhille freisin.
Mar sin féin, cuireadh an Bille as a riocht tar éis do pháirtithe an Rialtais vótáil ina choinne.
Mhaígh na hAirí nach raibh sé ábhartha toisc nach ndéileálann an Banc Ceannais le bannaí Iosraelacha.

Mar sin féin, dúirt Sinn Féin go dtugann an Banc ceadú do dhíol na mbannaí agus nár cheart dóibh é sin a dhéanamh.
Dúirt na hAirí freisin go raibh an Bille mídhleathach faoi dhlí an AE. Mar sin féin, dúirt Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, gur léirigh comhairle dlí ó Oifig Chomhairleoirí Dlí Parlaiminte an Oireachtais go raibh an Bille ag cloí leis an mBunreacht, le dlí an AE agus leis an dlí idirnáisiúnta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.