

Tá Sharon Osbourne ag admháil anois go bhfuil aiféala uirthi gur thosaigh sí ag úsáid an druga caillteanas meáchain Ozempic, agus tá cairde ag moladh di gníomh dlí a ghlacadh i gcoinne na ndéantúsóirí.
Thosaigh Sharon – a bhí riamh ag streachailt lena híomhá choirp agus a raibh bulimia uirthi roimhe seo – ag úsáid Ozempic i dtús 2023.

Chaill sí breis is ceithre chloch i gceann cúpla mí.
In agallamh le Howard Stern, dúirt sí: ‘Níl sé ina pheaca Ozempic a úsáid má tá fadhb meáchain agat, mar sin cén fáth nach labhrófá faoi?’
Ach bliain tar éis di éirí as an druga, tá Sharon fágtha ina haonar ag streachailt le hithe.
Tá meáchain thart ar seacht gcloch uirthi anois – ró-íseal dá fráma 5 troigh 2 orlach.
Dúirt cara léi: ‘Ní féidir le Sharon ithe i gceart. Má théann tú chuig dinnéar léi, níl sí ach ag brú a bia timpeall ar an phláta.
‘Déanann sí iarracht babhla torthaí a ithe ach bíonn sé deacair di. Tá sí imníoch faoina sláinte, agus tá a fear céile Ozzy buartha freisin.’
Cé go raibh Sharon sásta le torthaí tosaigh Ozempic, tá sí anois ag admháil go ndeachaigh sé rófhada.
‘An bhfuil aiféala uirthi gur thosaigh sí air? Tá,’ a dúirt an cara.
Bhí Sharon 16 chloch tráth agus d’úsáid sí banda gastrach sa bhliain 1999 chun meáchan a chailliúint, ach bhain sí é i 2006.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.