

Tá saineolaithe andúile in Éirinn ag iarraidh ar an Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach i gcoinne drugaí sintéiseacha (synthetic) nua atá contúirteacha.
Tá imní orthu faoi tháirge leathshintéiseach (semi-synthetic) agus ba mhaith leo tubaistí sláinte a bhaineann le drugaí nua cosúil le HHC a chosc.
Tá an druga seo, HHC — nó hexahydrocannabinol — fós dleathach in Éirinn agus ar fáil go forleathan i siopaí ar fud na tíre.

Ach tá síceolaithe agus dochtúirí ag tabhairt foláirimh faoin damáiste atá sé ag déanamh do dhaoine óga, agus an tionchar atá aige ar mheabhairshláinte, go háirithe síocóis agus fadhbanna andúile tromchúiseacha.
Dúirt an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, leis an Dáil i Márta go mbeidh sí ag cur reachtaíochta nua i láthair go luath chun HHC a chur faoi smacht dleathach.
Cé gur cuireadh fáilte roimh an ngealltanas seo, tá eagla ar shaineolaithe cosúil le Dr Bobby Smyth, síciatraí agus ollamh cliniciúil i gColáiste na Tríonóide, go mbeidh an reachtaíocht ró-mhall agus nach mbeidh sé éifeachtach go fadtéarmach.
‘Táim cinnte go bhfuil an chéad druga eile réidh sna stórais cheana féin. Chomh luath agus a chuirtear cosc ar HHC, beidh an chéad leagan nua ar na seilfeanna,’ a dúirt Dr Smyth.
Is féidir HHC a fháil i bpinn galaithe (vapes), i bhfoirm ola, agus fiú i mbianna cosúil le gumaí agus cácaí.
Tháinig an druga ar an bhfód san Eoraip den chéad uair i 2022 agus ní raibh sé faoi reachtaíocht go dtí le gairid.
Dúirt Dr Smyth go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na n-ógánach atá ag lorg cóireála andúile de bharr HHC.
‘Cúpla mí ó shin, bhí HHC mar chuid de thart ar 20% de na cásanna, ach ní mar an phríomhfhadhb.
Anois, tá sé mar an príomh-dhruga i 25% de chásanna, agus i 15% eile tá sé i láthair mar chuid den fhadhb. Sin 40% san iomlán,’ a dúirt sé.
Luaigh sé freisin go léiríonn sonraí óna chomhghleacaithe ar fud na tíre na patrúin chéanna.
‘Tá gach duine ag feiceáil an rud céanna agus ag rá an rud céanna,’ a dúirt sé.
Luaigh sé go bhfuil an gnáthú ar úsáid vapes agus an inrochtaineacht atá ag HHC ag cur leis an bhfadhb.
Chuir páipéar ó Choláiste na Síciatraithe in Éirinn i 2024 béim ar fhianaise a nascann HHC le síocóis.
Tá Dr Smyth ina chathaoirleach ar an bhfo-choiste andúile sa choláiste sin.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill gur ‘tábhachtach an bailiúchán fianaise’ mar ullmhúchán chun substaint nua a rialú faoi Acht na nDrugaí.
Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte an tseachtain seo caite go bhfuil anailís agus measúnú riosca ‘ilchéim’ ar siúl maidir le drugaí sícea-ghníomhacha.
Táthar ag súil go mbeidh an reachtaíocht nua réidh go luath agus go gcuirfear HHC faoi Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí 2017 mar dhruga Sceideal 1.

Chuir Dr Smyth fáilte roimh an gcinneadh, ach thug sé rabhadh: ‘Má leanaimid ar aghaidh leis an gcur chuige seo — ag cur cosc ar dhruga amháin gach cúpla bliain — táimid i dtrioblóid.
‘Ní mór dúinn gach táirge dá leithéid a rialú anois, nó beidh muid i gcónaí ag rith i ndiaidh an chéad druga eile.
‘Tá sé cosúil le cluiche “whack-a-mole”: buail síos ceann amháin agus tagann ceann nua suas láithreach.
‘Caithfimid fiafraí anois: cad é an plean? Cad atá chugainn ina dhiaidh seo?’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.