Cad iad na táillí breise atá á íoc againn agus muid ag dul go gigeanna?

20/05/2025

Tá sé costas go leor ticéad a cheannach do cheolchoirm, mar sin cad iad na táillí eile atá ann nach bhfuil soiléir go minic?

Tá lucht freastail ceolchoirmeacha in Éirinn ag íoc táillí breise nach bhfuil soiléir go minic, agus tá sé seo ag cruthú costais bhreise ar luach na milliún euro gach bliain.

I measc na n-ionad is gnóthaí, tá an 3Arena i gceantar na ndugaí i mBaile Átha Cliath.

Cuireann an 3Arena táille €2 ar gach ticéad ar a dtugtar ‘táille áise’.

Níl an táille sin le feiceáil ar rannóg na dticéad ar shuíomh gréasáin an ionaid féin, agus ní fheiceann an custaiméir é go dtí go sroicheann siad an ‘seiceáil amach’ ar shuíomh Ticketmaster.

Thosaigh an táille seo i 2016, ach ag an am sin ní raibh sé ach €1
Thosaigh an táille seo i 2016, ach ag an am sin ní raibh sé ach €1

Thosaigh an táille seo i 2016, ach ag an am sin ní raibh sé ach €1.

Anois, tá sé dúbailte, ach níor thug urlabhraí ón gcuideachta míniú ar cén uair a tharla an méadú.

Tá an 3Arena faoi úinéireacht Live Nation, an chuideachta chéanna a bhfuil Ticketmaster ina seilbh aici freisin.

D’fhreastail níos mó ná milliún duine ar an 3Arena anuraidh agus tháinig €71.4 milliún isteach ó dhíolachán ticéad.

Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil, Shay Brennan: ‘Tá sé ceadaithe d’amharclanna a gcuid praghsanna féin a leagan síos, ach caithfear a bheith soiléir leis na custaiméirí ó thús maidir le cé mhéad atá le híoc ina iomláine agus cén fáth go mbíonn táillí breise i bhfeidhm.’

Thug sé le fios nach bhfuil sé inghlactha do ghnó ar bith táillí ceilte a ghearradh ná custaiméirí a mhealladh le costais bhreise i ngan fhios dóibh.

Tá táille bhreise €2 le feiceáil freisin nuair a cheannaíonn duine ticéid don Ambassador Theatre ar Shráid Uí Chonaill, cé nach luaitear é ar a suíomh gréasáin.

Níor thug MCD, an comhlacht a reáchtálann an amharclann, aon trácht ar na táillí.

Dar leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, caithfidh gnólachtaí an praghas iomlán a thaispeáint go soiléir roimh an gceannach.

Tá cead acu praghsanna a athrú, ach ní mór don chustaiméir an fhaisnéis cheart a fháil roimh ré.

Tá táillí eile le feiceáil i mBaile Átha Clitah freisin – mar shampla, €1.50 sa 3Olympia Theatre (tugtar ‘cáin athchóirithe’ air sin), agus an méid céanna sa Bord Gáis Energy Theatre agus sa Gaiety Theatre.

Tá na táillí sin ar a laghad luaite ar a suíomhanna gréasáin féin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram