

Rinne breitheamh i Los Angeles cinneadh suntasach maidir le cás mór le rá Erik agus Lyle Menendez, a mharaigh a dtuismitheoirí i ndúnmharú fuarchúiseach i mBeverly Hills breis agus 30 bliain ó shin.
D’athphianáil an Breitheamh Michael Jesic na deartháireacha Menendez, rud a fhágann go mbeidh siad incháilithe don pharúl (parole) go luath – b’fhéidir chomh luath le mí seo chugainn.
Rinne an chúirt breithniú ar fhianaise ó ghaolta agus ó fhoireann an phríosúin a labhair faoina n‑iarrachtaí aithrí a dhéanamh agus a saol a fheabhsú taobh thiar de bharraí.

D’áitigh an t‑Aturnae Dúiche nach raibh an bheirt athshlánaithe, ach anois tá sé i lámha Bhord Paróil an stáit cinneadh a dhéanamh faoin scaoileadh.
Bhí an cás mór le rá sna 1990idí, agus chuir sé iontas ar an bpobal nuair a dúirt na deartháireacha gur mharaigh siad Kitty agus Jose Menendez as féinchosaint, i ndiaidh blianta de mhí‑úsáid ghnéasach líomhnaithe.
Rinne Netflix sraith chlúiteach bunaithe ar an scéal, rud a thug aird nua ar an gcás.
Tar éis shraith Netflix, bhí glaonna ann go n-athoscailteofaí a gcás, agus rinneadh feachtais chun na deartháireacha a shaoradh ón bpríosún.
Ó shin i leith, lean na feachtais ar aghaidh.
Athphianáladh Erik agus Lyle Menendez go 50 bliain go saol le féidearthacht paróil, seachas príosún saoil gan paról.
D’fhreastail siad ar an gcúirt in aois 54 agus 57 faoi seach, agus thug siad óráidí mothúchánacha os comhair an bhreithimh.
D’admhaigh siad brón agus ciontacht, ag cur síos ar an lá uafásach inar lámhaigh siad a dtuismitheoirí lena gcuid gunnaí i seomra suí an teaghlaigh.
D’inis Erik Menendez faoin ‘turraing, mearbhall agus fealltacht (‘shock, confusion and betrayal)’ a chonaic sé i súile a thuismitheoirí sula bhfuair siad bás.
Ghabh an bheirt deartháireacha Menendez leithscéal go poiblí agus labhair siad faoina ndóchas freastal ar íospartaigh mí‑úsáide gnéasa agus cabhrú le príosúnaigh eile dá mbeadh an dara seans acu.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.