

Beidh deacrachtaí móra ag turasóirí ó Éirinn ag dul chuig na hOileáin Chanáracha i mbliana agus na daoine áitiúla ag rá: ‘Your paradise is my misery.’
Ag an deireadh seachtaine, tháinig na mílte duine amach ar shráideanna na nOileán Chanáracha (Canary Islands) chun agóide a dhéanamh i gcoinne turasóirí atá, dar leo, ag scrios a bpobal agus a dtimpeallacht.
Ar oileán Tenerife, chonaic daoine póstaeir le teachtaireachtaí géara cosúil le: ‘Is é do pharthas (paradise) m’ ainnise (misery)’ agus ‘Níl sé ina pharthas níos mó’.

Tá go leor turasóirí – Éireannaigh ina measc – ar cuairt ar na hoileáin faoi láthair, ach bhí na léirsithe ag tosú ag 11in, rud a chuir faitíos ar go leor cuairteoirí.
Dúirt Alberto Babo, atá 32 bliain d’aois, agus as Éirinn: ‘Táim i bhfolach i m’Airbnb le bheith sábháilte. Níor mhaith liom a bheith i measc na sluaite,’ a dúirt sé.
‘Tá áthas orm nach bhfuil foréigean ann, ach tá an torann uafásach.’
Bhí an torann sin ó dhaoine ag séideadh sliogán mara, ag bualadh drumaí agus ag scairteadh manaí mar ‘El dinero del turismo, dónde está?’ (‘Cá bhfuil an t-airgead ón turasóireacht?’).
Bhí sé scríofa ar phóstaer amháin: ‘Cuir stad le turasóireacht iomarcach. Seo an baile s’againne.’
De réir agóid eile: ‘Bíonn turasóirí ag snámh i gcac’, ag tagairt don mhéid dramhuisce atá á scaoileadh isteach san fharraige – formhór de, dar le lucht na hagóide, ag teacht ó óstáin agus lóistín le turasóirí iontu.
Bhí póstaeir eile leis an mana: ‘Don’t sell your homes to guiris!’ – is é guiri an téarma Spáinnise a úsáidtear go minic do thurasóirí.
Tharla agóidí comhbhróin freisin i gcathracha móra eile cosúil le Barcelona, Valencia, agus Maidrid.
Le 2.2 milliún duine ina gcónaí ar na hOileáin Chanáracha, glacann siad le thart ar 18 milliún turasóir in aghaidh na bliana – rud a chuireann brú ollmhór ar acmhainní.

I measc na n-éileamh atá ag lucht agóide tá teorainn ar líon na dturasóirí, cosc ar thionscadail nua turasóireachta, agus scrios láithreach ar thógálacha mídhleathacha.
Dúirt Paula McKnight Morales, teagascóir snámha: ‘Faoi láthair níl an spás ann – tá an scéal tubaisteach don oileán.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.